Neamhaird ar údair na Gaeilge

Tuarascáil: Le blianta beaga anuas tá sé ina ábhar imní ag oideachasóirí glúin óg bheith ag teacht chun cinn gan chleachtadh…

Tuarascáil:Le blianta beaga anuas tá sé ina ábhar imní ag oideachasóirí glúin óg bheith ag teacht chun cinn gan chleachtadh acu ar leabhair a léamh.

Mar gheall air sin d'iarr an comhlacht foilsitheoireachta, New Island, ar údair Éireannacha iomráiteacha úrscéalta gearra i mBéarla simplí a scríobh don tsraith Open Door.

Ba í aidhm na sraithe daoine a mbeadh deacracht acu, nó nach mbeadh an t-am acu, úrscéal fada a léamh, a mhealladh chun ceann gearr a léamh. Ar na húdair a scríobh don tsraith bhí Roddy Doyle, Julie Parsons, Vincent Banville, Deirdre Purcell, John Connolly, Marion Keyes, Maeve Binchey agus Patricia Scanlan.

Ag tús na bliana seo chuaigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhair le New Island chun leagan Gaeilge de na húrscéalta gearra leis na húdair thuasluaite a fhoilsiú.

READ MORE

Tá siad ar fáil anois, ocht gcinn ar fad agus an cruth céanna orthu agus atá ar na leabhair Bhéarla. Leabhair bheaga a d'fhéadfadh duine a chur ina phóca, agus gan níos mó na 10,000 focal in aon cheann acu.

Is í an Chomhairle a d'íoc as costais na leaganacha Gaeilge agus a shocraigh an eagarthóireacht. Daoine éagsúla a d'aistrigh iad ach is é Pól Ó Cainnín, cúntóir taighde le COGG, atá luaite mar chomhairleoir teanga ar gach ceann acu.

Agus mé ag méirínteacht tríd na leabhair bheaga seo ba dheacair dom gan smaoineamh ar an chonspóid a bhí ann i 1930í na haoise seo caite nuair a bhí An Gúm ag iarraidh ábhar léitheoireachta a chur ar fáil i nGaeilge trí dhaoine a fhostú chun aistriúcháin a dhéanamh ar shaothair údar mór le rá.

Dar leis an iar-aire Earnán de Blaghd a bhí go mór i bhfabhar na scéime: "Ní fheicim aon tslí eile chun a ndóthain leabhar a chur ar fáil sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht dos na daoine óga a bheadh ábalta ar iad a léamh ach amháin dul ar aghaidh leis an aistriúchán."

Bhí go leor ann a shíl gur shaibhre a bheadh an teanga de bharr an aistriúcháin, mar go raibh 'meirg' uirthi ceal úsáide ar feadh na mblianta. Ach orthu sin is mó a bhí ina choinne bhí na scríbhneoirí, Seosamh Mac Grianna agus a dheartháir Séamus.

Dar leis na Griannaigh mhúch an scéim aistriúcháin cibé cumas cruthaíochta a bhí acu féin agus shíl scríbhneoirí eile go raibh an Gúm ag tabhairt tús áite d'aistriúcháin agus ag déanamh faillí sa bhunscríbhneoireacht.

Truailliú na teanga an chúis a bhí ag daoine eile i gcoinne aistriúcháin go mórmhór aistriúcháin ón Bhéarla agus bhí an tuairim forleathan freisin go raibh na haistriúcháin ag leathnú meoin nár oir don Ghaeilge. Shíl fear Gaeltachta amháin, Máirtín Ó Flaitheartaigh, gurbh olc an rud d'aos óg na Gaeltachta "bheith ag léamh faoi agus ag sú isteach tréithe daoine agus dúiche nár thuigeadar i nGaeilge nár luigh leo".

Is deacair a shamhailt go mbeadh conspóid mar sin ann inniu faoin tsraith aistriúcháin Open Door atá foilsithe ag New Island agus airgead stáit ón Chomhairle Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta á maoiniú.

Is beag duine a bheadh buartha faoin tionchar Gallda a bheadh ag na húrscéalta sa tsraith ar mheon aos óg na Gaeltachta agus leis an fhírinne a dhéanamh is beag anois idir aos óg na Gaeltachta agus aos óg Bhaile Átha Cliath maidir leis na rudaí a bhfuil suim acu iontu.

Bheadh an oiread chéanna dúile ag muintir na Gaeltachta i gcuntas Roddy Doyle faoin triúr cairde, triúr leantóirí de chuid Learphoill, a dhéanann an turas go hAnfield agus a bheadh ag muintir Bhaile Átha Cliath nó muintir Shasana féin fiú. Agus is amhlaidh do na scéalta eile.

Diomaite ceann amháin acu baineann na leabhair sa tsraith seo le saol na linne seo, le spórt, le coiriúlacht, le fadhbanna pósta, le caimiléireacht, le dífhostaíocht, téamaí a bhfuil go leor scríbhneoirí Gaeilge tar éis plé leo ina saothar. Is mór an trua nach ndeachthas i gcomhar leo chun úrscéalta gearra a chur ar fáil don tsraith.

Léiríonn an neamhaird ar na scríbhneoirí Gaeilge easpa muiníne ina bhfuil ar siúl acu agus tugann sé drochshampla do na daoine óga atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge.

'Gan chiall'

D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, an tseachtain seo caite go mbeadh ar Ghaelscoileanna Béarla a theagasc dá gcuid daltaí ón dara téarma scoile ar aghaidh, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Chuir sí i leith na nGaelscoileanna go raibh dearcadh "a la carte" acu i leith theagasc an Bhéarla. Is é nós Gaelscoileanna tumoideachas a chleachtadh agus gan Béarla a theagasc do dhaltaí i mblianta luatha a n-oideachais.

Cháin uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, cinneadh Hanafin, á rá go raibh sé "tubaisteach". Bhí an socrú ag teacht salach ar chomhairle a tugadh don Aire, a dúirt sé: "Ní hé go bhfuil droch-chomhairle curtha ar an Aire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire ag gníomhú go beag beann ar a cuid comhairleoirí. Is gá córas tumoideachais Ghaeilge sna ranganna naíonáin toisc uileláithreacht an Bhéarla agus toisc gur ó theaghlaigh Bhéarla a thagann formhór na bpáistí Gaelscoile.

"Is gá tumoideachas chun an t-éagothromas seo a chothromú agus chun nós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc na ndaltaí agus sa scoil."

Cháin sé Hanafin fosta as an chinneadh a fhógairt le linn laethanta saoire an tsamhraidh, tráth a mbíonn cuid mhór de lucht oideachais ar saoire:

"Is féidir leis an Aire glacadh leis go cinnte nach mbeidh an Conradh agus mórphobal na Gaeilge i gcoitinne ag seasamh siar agus ag glacadh leis an gcinneadh seo. Pléadh an cheist seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus ritheadh rún d'aon ghuth i gcoinne a leithéid d'ísliú céime don tumoideachas i nGaelscoileanna an Stáit."

aistriúchántranslation - conspóidcontroversy - faillíneglect - iomráiteachfamous - sraithseries - tubaisteachdisastrous.