Nasruidin agus an mhuc

Cuireadh i leith Nasrúidín gur ghoid sé muc

Cuireadh i leith Nasrúidín gur ghoid sé muc. Bhí na dlíodóirí ag argóint ar feadh an lae ach sa deireadh níor éirigh leo a chruthú an ciontach nó neamhchiontach a bhí Nasrúidín.

Fágadh an breithiúnas faoin mbreitheamh - seanchara le Nasrúidín, ar ndóigh. "Abhaile leat, a dhuine chóir!" arsa an breitheamh. "Caithfidh mé dul abhaile?" arsa Nasrúidín, á mheas go bhfuarthas ciontach é agus gurbh é sin an pionós a cuireadh air.

"Ní chaithfidh mura dteastaíonn uait," arsa an breitheamh. "Is é atá á rá agam go bhfuil an cás seo á chaitheamh amach agam. I bhfocail eile, tá tú saor!"

"Go hiontach," arsa Nasrúidín. "Ach - an gcaithfidh mé an mhuc a thabhairt ar ais dó?"

READ MORE

Scéal as Nasrúidín (Coiscéim, €7.50) athinsint ar scéalta traidisiúnta ón Mheán-Oirthear le Gabriel Rosenstock