'Naimhde na teanga sa státchóras' - Mac Fhearghusa

‘TÁ MÉ buartha faoin dearcadh atá ag ardstátseirbhísigh” ar an Ghaeilge, a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa…

‘TÁ MÉ buartha faoin dearcadh atá ag ardstátseirbhísigh” ar an Ghaeilge, a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, leis an cholún seo inné.

D’éirigh le Mac Fhearghusa (63) toghchán na huachtaránachta a bhaint don tríú huair agus é in iomaíocht le hiarrthóir óg, Seán Ó hAdhmaill (27), ar ardfheis an Chonartha i Luimneach ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Mac Fhearghusa go raibh sé mar sprioc aige an “luach” a bhí ar an teanga a chur in iúl do státseirbhísigh agus pholaiteoirí agus é ag tabhairt faoi bhliain eile mar uachtarán.

Bhraith sé go raibh an Ghaeilge thíos le socruithe a bhí á ndéanamh faoi láthair – mar shampla an moladh a rinneadh i dTuarascáil Mhic Cárthaigh deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta – agus ba é a mhian cur in éadan an mheoin nárbh fhiú an Ghaeilge bheith ann.

READ MORE

Ba mhór “an náire” é nár thug an Roinn Oideachais aitheantas d’oiread agus gaelscoil amháin i mbliana agus faoin Chonradh agus an pobal a bhí sé “troid go fíochmhar” in aghaidh “an naimhdis” seo, a dúirt sé.

Mhol sé an Taoiseach Brian Cowen as aithint go raibh freagracht ar an Stát “cúram a dhéanamh den teanga agus den phobal ársa teanga”. Bíodh sin mar atá, bhí an Conradh den tuairim go raibh “naimhde na teanga sa státchóras” agus go rachadh an Conradh i bpáirt leis an phobal ina n-éadan.

Mhol sé fosta na daoine óga a bhí ag clárú leis an eagras; ba léir go raibh an mhuintir óga ag cur spéis sa teanga agus go raibh glúin óg sa Chonradh anois. Níor mhaith leis gur “fás aon oíche” a bhí i gceist ansin agus ba ghá iad a choinneáil san eagras.

“Tréimhse dhóchais” a bhí ann bíodh is go raibh lag trá eacnamaíoch ann. Bhí rún aige camchuairt a thabhairt thart ar an tír le “struchtúr eagraithe ar an talamh” a neartú. Bhí “meon na tíre leis an teanga”, a dúirt sé, agus ba chuspóir de chuid an Chonartha tacaíocht sin an phobail a chothú.

Rith an t-eagras trí rún éigeandála le linn na hardfheise: gur chóir don eagras cur in éadan iarrachtaí stádas “éigeantach” na Gaeilge a bhaint de mheánscoileanna; gur chóir don Rialtas an cinneadh le hOllscoil na hÉireann a scor a chur ar ceal agus go dtabharfadh an Rialtas aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Ráth Tó, Co na Mí, a bhí le hoscailt Meán Fómhair na bliana seo.

Agus é ag tabhairt a óráide mar uachtarán, dúirt Mac Fhearghusa:

“Is eagraíocht é Conradh na Gaeilge a gcaithfidh spás bheith ann don phobal mór, i treo go mbeidh ar chumas a oiread daoine agus is féidir, a oiread dá saol agus is féidir a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

“Is gá spás bheith ann don scoláire agus don bhfoghlaimeoir, don bhfear Gaeltachta agus don bhean Ghalltachta, don intleachtaí agus don bhfear spraoi, don amhránaí sean-nóis agus don cheoltóir rac, don óg agus don aosta, don tuath agus don bhaile mór.

“Tá athnuachan ar siúl. Tá glúin úr óg ag gabháil don teanga. Is léir sin don aos polaitiúil i gcoitinne sa Stát...”

Cath Carey

‘NÍL AN cath caillte ná baol air,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, le baill Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh Dé hAoine.

Agus é ag caint ar ardfheis an eagrais, dúirt Carey go raibh “deis stairiúil” go fóill an teanga a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile ach lucht na Gaeilge “obair as lámh a chéile”. Bhí lucht na Gaeilge cruinn “le chéile anseo ag am cinniúnach don teanga. Deir scoláire amháin gur “braistint na práinne” a spreag Filí na Máighe fadó. “Braistint na práinne” a bheidh mar spreagadh agamsa mar Aire na Gaeltachta

“Ó cheapadh mar Aire mé, tá sé ráite agam cúpla babhta go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an deis is fearr againn o bhunú an Stáit le cinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge slán agus go ndéanfar í a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.”

Mhol sé Conradh na Gaeilge as a bpáirt i próiseas comhairliúcháin na straitéise go dtí seo. Bhí sé ag súil le tuairisc a fháil ón Chomhchoiste Oireachtais “go luath” ar na moltaí ar fad. Baineadh “go leor” amach le tamall anuas agus bhí go leor eile ar siúl a thug misneach agus dóchas dó agus é ag dul i mbun oibre.

Deireadh dlí

THÁINIG DEIREADH leis na himeachtaí cúirte a thosaigh an grúpa Cló Ceart in éadan Fhoras na Gaeilge i ndiaidh gur theip ar Chló Ceart an comórtas do chonradh an nuachtáin nua sheachtainiúil Ghaeilge a bhaint anuraidh.

D’eisigh Cló Ceart, grúpa a raibh mórán iarbhall den nuachtán seachtainiúil Foinse luaite leis, d’eisigh said ráiteas Dé hAoine inar thug said le fios gur thug said faoin “dúshlán” mar gur chreid siad agus “go gcreidimid go fóill go raibh an comórtas sin easnamhach agus lochtach. Is í an chomhairle dlí a cuireadh orainn áfach gur cúiteamh as damáistí an t-aon sásamh a bheadh anois le fáil in aon imeachtaí cúirte, de dheasca imeacht aimsire, seachas comórtas nua, mar a bhí á lorg againne”.

B’fhiú “go mór díospóireacht mhacánta phoiblí faoi staid agus chaighdeán na hiriseoireachta clóite as Gaeilge faoi láthair, agus na struchtúir mhaoinithe a bhaineann leo”. Ba faoi lucht na Gaeilge, na léitheoirí, na meáin chumarsáide agus lucht ollscoile a bhí sé an díospóireacht sin a chur chun cinn, a thug an ráiteas le fios.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh siad “lánmhuiníneach” as an phróiseas ceapacháin a bhí in úsáid acu le deontas foilsithe a bhronnadh ar nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge: “Reáchtáladh an próiseas i gcomhair le critéir soiléire, treoracha oscailte agus trédhearcach mar a dhéantar le gach comórtas dá leithéid. Seasann Foras na Gaeilge leis an phróiseas.”

Loch Lao

IS Í “Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa 19ú haois” an téama a bheidh ag Éigse Loch Lao i mBéal Feirste i mbliana.

Beidh an fhéile liteartha ar siúl ar Ollscoil Uladh agus i gCumann Chluain Ard sa chathair Dé hAoine 7ú agus Dé Sathairn 8ú Bealtaine.

Ar na buaicphointí, bronnfar Gradam Mhic Ádhaimh ar Bhríd Mhic Sheáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, ceannródaí oideachais agus staraí.

Lena chois sin, beidh léachtaí le Diarmuid Ó Doibhlin, Fionntán de Brún, Ciarán Ó Duibhin, Regina Uí Chollatáin agus léachtóirí eile ar chúrsaí teanga agus litríochta.

Ó thaobh siamsaíochta de, beidh oíche airneáil le muintir Thoraí, agus turas ceolmhar báid ar an Lagán le Seán Mac Corraidh, Róise Nic Corraidh agus Caoimhe Ní Chathail agus filíocht le Nuala Ní Dhomhnaill.

Eolas: 048-90749688

ársa ancient – caighdeán standard – ceannródaí pioneer – díospóireacht debate – dóchas hope – dúshlán challenge – freagracht responsibility – íomhá image – foghlaimeoir learner – namhaid enemy – mórálach proud – próiseas process – spéis interest – staraí historian – tacaíocht support