Na Stainnini

Crobhingne: Tá áiteanna amuigh ansin fós nach bhfuil fós sa bhfaisean ag taisteal na dturasóirí, ach is beag iad

Crobhingne: Tá áiteanna amuigh ansin fós nach bhfuil fós sa bhfaisean ag taisteal na dturasóirí, ach is beag iad. Ní haon nath ag daoine anois léim ar eitleán agus scuabadh leo chun an chianoirthir ar feadh cúpla lá.

Tá Maccu Picchu á chreimeadh ag coiscéimeanna na mílte. Is féidir dul ar chuaird go dtí imeall an Mhol Theas agus siúl ar an sneachta.

Ach fós ní bhfaighidh tú mórán tráchta sna hirisí snasta ar na Stainníní. Bíodh nach ar chiumhais an tsaoil atá siad ach dingthe isteach i gceartlár na hilchríche is mó ar domhan, is beag ár n-eolas orthu agus ní orthu a bheidh ár dtriall. Giolla éigin san Teach Bán - b'fhéidir duine díobh siúd a cheapann gur Laidin a labhartar i Meiriceá Laidneach - a bhaist na Stainníní ar an bpaidrín sin de stáit ar chosa na Rúise, lastuaidh den India, agus ar ghualainn chlé na Síne. Abair an Chirgisteáin, nó an Taijicisteáin le duine, agus feicfear aghaidh bhán go grod.

Ar eagla na míthuisceana ní raibh mé riamh i gceann ar bith de na Stainníní seo, léigh mé leabhair, chonaic mé scannáin, ach níor bhac mé leis an T-léine. As an gceantar seo is ea a tháinig gaois Nasrúidín agus leathnaigh briathra binne Rumi ar fuaid na gcríoch. Ina choinne sin réab Genghis Khan soir siar agus siar soir agus airm eile chomh fíochmhar céanna ina dhiaidh.

READ MORE

Dá iontach í an oidhreacht sin, ní haon phioc di a phéacann aníos nuair a nochtann siad sa nuacht. Díbríodh uachtarán na Cirgisteáine tá cúpla seachtain ó shin ann de bharr suaitheadh poiblí. Sluaite ar na sráideanna, lusa an chrom cinn ina lámha acu, agus dínit chiúin á hiompar. Tuar, b'fhéidir, go bhféadfadh a leithéid chéanna tarlúint sna Stainníní eile, áit a bhfuil deachtóirí a toghadh go dleathach i réim.

B'fhéidir gurb ait gur féidir deachtóir a thoghadh, ach is iontach an ní é an dlí. Sa Chasacstáin toghadh Nursultan Nazarbayav 14 bliain ó shin ann, agus láithreach bonn baill b'eo leis ag tabhairt barróige móire don chumhacht mhilis. Go fiú is gur shocraigh sé cumhachtaí áirithe a choimeád chuige féin nuair a éireoidh sé as an uachtaránacht!

Is suimiúla fós fear na Tuircministeáine. Ar nós gach uachtarán eile sa cheantar is amhlaidh gur chuaigh sé a luí ina chumannach agus gur éirigh ar maidin ina náisiúntóir.

Ach ar a laghad ní bhacann an tUachtarán Niyazov le duille fíge an daonlathais. Deachtóir ceart é a d'ainmnigh cuid de laethanta na seachtaine as a ainm féin agus ainm a mháthar, agus tá dealbh bhreá ollmhór de i lár na príomhchathrach. Ní gnáthdhealbh í, áfach, ach ceann a chasann le cúrsa na gréine ón maidin gheal bhán go dtí tuitimín na hoíche siar.

Níl aon chuma ach oiread go mbeidh solas an daonlathais ag lasadh ann go luath. In ainneoin feachtas Bhush "saoirse" a scaipeadh ar fud na cruinne dhealródh an scéal gur mó ná sásta atá sé le Niyazov. B'fhéidir gur deachtóir é, ach is é ár ndeachtóir féin é.

Ach is é an tUachtarán Islam Karimov na hUisbicisteáine a thógann an chraobh spíonach de scata craobhacha spíonacha. Bíodh gur léir nach Críostaí atá ann tá sé thar a bheith tugtha don bhaisteadh, am baiste. Baisteadh faoi leith é seo ina dtumtar a chuid naimhde agus lucht ceisteanna a chur in umair d'ola fiuchta.

Ar nós na mban feasa fadó, má éiríonn leo snámh táid ciontach agus tugtar slán iad d'fhonn cuaille biorghéar a shá suas ina bprumpa; agus má théann siad faoi, is amhlaidh nach raibh smál ar bith orthu, ná craiceann ach an oiread.

Nuair nach bhfuil na gléasanna is forásaí agus is nua-aimseartha ar fail, ní miste leo filleadh ar bhuidéil bhriste agus stoitheadh ingne agus clis bhunúsacha eile mar iad. Pianpháis í, ach is pianpháis ar son críche fónta sibhialta atá ann, gan amhras.

Bhí formhór na stát seo faoi ghlas ag búistéir Ghroisní, agus go bhfuil siad anois ag titim isteach i ngabhal bhúistéir Bhagdaid.

Dúirt file úd na críche Rumi fadó riamh: "Ná téitear ceangailte ródhlúth leis an bhfiliméala ná leis an bpéacóig!/Focail go léir é neach díobh, agus dathanna amháin an neach eile." Is dócha gurbh fhurasta don ghnáthmhuintir dealú a dhéanamh idir focail mhilse an daonlathais aniar, agus dathanna crua na tíoránachta aduaidh, ach gur deacra éalú uathu.

Má tá tú ag dul ar saoire go dtí na Stainníní, fág do chuid íoróine, d'acmhainn grinn agus do bhéal mór scaoilte ag an teorainn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar