Na Giúfódaigh

CROBHINGNE: THUG AN tÍochtarán Sarkozy turas ar uaimheanna Lascaux le déanaí agus dúirt óna chathaoir go raibh sé fíorthábhachtach…

CROBHINGNE:THUG AN tÍochtarán Sarkozy turas ar uaimheanna Lascaux le déanaí agus dúirt óna chathaoir go raibh sé fíorthábhachtach go dtabharfadh sé cuaird orthu ag an am seo. Ní dúirt sé cad ina thaobh nó cad chuige nó cén fáth, ach is annamh a ráite béil agus pé cúis a bhí lena ndúirt sé gan a bheith 17 acra óna chéile. Is cuma faoi a mbíonn aige á rá, ach níl aon bhreith aige sin ar a ghníomhartha éagsúla.

Ba dhona go leor an gníomh is déanaí uaidh ionsaí a dhéanamh ar gheiteoanna éagsúla na nGiúdach, dar le daoine áirithe, ach níor chuir sé lena chás go ruaigfí iad le maistíní agus le conairt agus a dteanga amuigh acu.

Dhá dtrian den fhírinne is ea an chosúlacht, agus níor chothaigh sé dea-chaidreamh poiblí leis an mbealach ar cuireadh chuige. Na póilíní a réab isteach trí na geataí, cultacha bána is ea a bhí á gcaitheamh acu rud a chuirfeadh dochtúirí niamhghlantóireachta i gcuimhne duit; mascanna ar a bpus ar eagla go dtolgfadh siad galair; fuipeanna ina lámha leis na páistí beaga a shacáil isteach sna traenacha soir, nó sna heitléain, nó pé cóir taistil ba mhire amach. Thuigfeá dóibh.

Níl aon amhras ná go bhfuil na Giúdaigh salach agus cáidheach i dtaobh is gur deacair do dhaoine sibhialta broic leo, ní áirím radharc a súl a shalú lena gcamshrón agus eile. Dream ar bith a chaitheann a gcuid ama ag teacht i dtír ar an gcarn aoiligh, is dócha gur fodhaoine iad; dá mbeadh aon chiall ag Sarkozy d’fhéadfadh sé leas a bhaint astu chun tástálacha a dhéanamh ar thionscal cúrán na Fraince, mar is léir go bhfuil siad go mór i ngátar an dea-bholaidh. Ach b’fhearr leis iad a dhíbirt chun a bheith dílis do stair na sibhialtachta Eorpaí, agus gan amhras, chun fáil réidh leo.

READ MORE

B’fhéidir nach iontas é – cé gur tógadh guth fann uisciúil dúghudarúil thall is abhus – gur lag go leor an cur ina choinne a dhein taoisigh eile na hEorpa. Tá an fhadhb Ghiúdach chéanna acu go léir, agus is maith mar a thuigeann siad go bhféadfadh Sarkozy an réiteach deireanach a sholáthar dóibh.

Téann focail le deatach, pé treo is a bhfuil an ghaoth ag séideadh. Níl aon duine ag leathadh na ndoirse rompu, pé ar domhan nó sa Pholainn é, agus is cinnte nach rachaidh dream ar bith chun cogaidh mar gheall ar chás na nGiúdach. Níor dhein riamh.

Gabh mo leithscéal, ar scríobh mé Giúdaigh thuas? Nach mé an breallán, Giofóga is ea a bhí i gceist agam, gan amhras! Cad eile? Tar éis an tsaoil is mór idir Giúdach agus Giofóg, mar is mór idir geiteo agus campa. Giúdaigh, Giofóga, Gayanna, is mór eatarthu ar fad maidir lena ndonas le haimhleas, agus is mór idir díbirt an lae inné agus creachadh an lae inniu. Thuigfeadh aon duine é sin, ach amháin an té nach bhfuil intinn chaolchúiseach aige.

Is léir nach Híbíos ar bith iad na Giofóga, ná Madraí Bagel, ach mar sin féin cloistear na scéalta ina dtaobh. Cine gadaithe iad, níor bhunaigh siad riamh sibhialtacht ar bith, is mian leo a gcuid fola a mheascadh le fuil na ndaoine a bhfuil tithe acu, bíonn siad amuigh san oíche ag faire ar mhná óga na meánaicme d’fhonn iad a sciobadh, tá ráite go n-itheann siad páistí an dreama shocair, bíodh go gcaithfear a admháil nach bhfuil aon fhianaise dhearfach sa chás deireanach sin.

Tá sé deacair an dlí a chur orthu mar tá a dteanga rúnda féin acu, agus comharthaíocht dá réir nach dtuigeann aon duine. Bíonn an tríú dide orthu, leis, idir fhir is mhná, ach tá sí i mball chomh folaithe sin nach bhféadfadh an tréadlia is oilte í a fhionnadh tríd an gclúmh. D’fhéadfaí gallúnach a dhéanamh as an gcraiceann a sceitheann siad gach re dtamall, ach amháin gur craiceann é nár theangmhaigh le gallúnach riamh.

Tá maíte, chomh maith, gur maraíodh na céadta míle díobh i gcampaí báis an uileloiscithe, ach is dóigh le staraithe iontaofa anois gurb áibhéil ar fad é sin. Fairis sin, níor theastaigh ó na Naitsithe a gcuid fuinnimh agus airgid a chur amú orthu.

B’fhearr leo iad a dhíbirt go dtí Ifreann nó go dtí Oirthear na hEorpa, mar tá an díbirt níos daonna agus níos saoire. Is í an t-aon deacracht amháin a bhaineann leis an ndíbirt ná go bhfilleann an díbeartach luath nó mall, agus nuair a fhilleann sé, tá chomh salach cáidheach is a bhí riamh.

Is baolach nach bhfuil i mbeart Sarkozy ach beart shealadach, sop in áit na buaine, agus go gcaithfear cuimhneamh ar sheifteanna níos daingne chun glaine na hEorpa a choimeád slán.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar