Nótaí fánacha as cuibhreann an chultúir

Tuarascáil/Pól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge: Foilsítear an colún seo ar an Idirlíon…

Tuarascáil/Pól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge:Foilsítear an colún seo ar an Idirlíon ach is do nuachtán a scríobhtar é. Is gnáthchleachtas é sin i measc mórán nuachtán. Níl an oiread sin taithí agam bheith ag scríobh don Idirlíon d'aon turas ach tá athrú ag teacht air sin.

Scríobh mé léirmheas leabhair don iris Idirlín, Beo!( www.beo.ie) an mhí seo. Tá cuireadh orm tuilleadh a scríobh agus colún rialta Idirlín a dhéanamh de. Tá mé ag súil leis an deis taisteal i cibéarspás, an ród leictreonach sin romham.

Taobh leis an léirmheas - sa mhéid is go mbíonn aon "taobh" ar iris Idirlín - tá agallamh le scríbhneoir as Nua-Shéalainn, Witi Ihimaera. Údar de chuid na Maorach é Ihimaera, 12 duais bainte aige, scór leabhar i gcló agus scripteanna scannáin scríofa aige fosta. Níor chuala mé iomrá air go dtí gur léigh mé an t-agallamh a rinne Ruth Nic Giolla Iasachta agus í in Auckland. Tá sí féin ag scríobh PhD ar stáisiún teilifíse Maoraise.

D'aithneodh duine ar bith abhus ábhar chuid cainte Ihimaera: é imníoch faoi mheath a chultúir agus a theanga, teanga nach raibh aige ón chliabhán. Níor labhair seanfhondúirí Maorais leis; chreid siad go bhfoghlaimeodh sé an teanga agus í thart air. Ní mar sin a tharla, ámh.

Tháinig clár raidió de chuid an BBC chugam ar an raidió digiteach; drámadóir as an Afraic Theas, Mike van Kraan, ag plé chás na hAfracáinise. Luaigh an focal Afracáinis le mórán daoine agus seans gur beag bá a bheidh acu léi.

READ MORE

Bíodh sé ceart nó éigeart, samhlaíonn siad cinedheighilt agus Afracánaigh bhorba leis an teanga. Léirigh de Kraan go maireann an íomhá dhiúltach sin i gcónaí ach go bhfuil iarrachtaí ar siúl ag cuid de lucht labhartha na teanga an scéal sin a athrú.

Cé go raibh sloinne Afracánach air, tugadh fear "daite" air le linn bhlianta na cinedheighilte. Mar fhear gorm a chuir sé síos air féin agus tugadh air Afracáinis a fhoghlaim ar scoil. Bhí sé in éadan na hAfracáinise éigeantaí. Mar sin féin, bhí sé sásta go raibh a chuid páistí féin ag foghlaim na teanga.

Chuaigh van Kraan chun cainte le lucht díolta bláthanna i gCapetown agus Afracáinis acu ach is go scoileanna Béarla a bhí siad ag cur a gcuid páistí.

B'amhlaidh an scéal i gceantair eile Afracáinise; thabharfadh an Béarla céim suas do pháistí nach dtabharfadh a dteanga féin, teanga a bhí ag fáil bháis. Cár chuala muid seo roimhe?

Níorbh ionann sin agus a rá go raibh gach duine sásta géilleadh don Bhéarla. Bhí iaróg ar siúl ar ollscoil Afracánach amháin. Bhí na húdaráis ag iarraidh cuid de na ranganna a theagasc trí mheán an Bhéarla ach bhí lucht Afracáinise dubh (!) ina éadan sin; ísliú stádais a bheadh i gceist ansin agus bheadh daor ar an teanga dá bharr.

Mheas saineolaí amháin, áfach, nach raibh san fheachtas in éadan an Bhéarla ach troid cúlgharda in éadan an phobail ghoirm faoi lipéad an chultúir agus na féiniúlachta.

Tá stádas oifigiúil ag 11 teanga san Afraic Theas agus tá an Afracáinis ar an tríú teanga is mó labhartha. Níor bhaol di, a chreid sé.

Chiallaigh Afracáinis "den Afraic" a dúirt cainteoir eile, agus chualathas daoine á moladh go díreach mar a mholtar an Ghaeilge - teanga bhinn bhlasta.

An taobh theas den domhan, an taobh thall den domhan agus aon cheacht simplí amháin le foghlaim as an dá thír - beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a scríobh. Cár chuala muid sin roimhe?