Ní 'siopa cainte' a bheidh ann mar Thóstal na Gaeilge

NÍ “SIOPA CAINTE” a bheidh i dTóstal na Gaeilge, a dúirt Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an t-eagras atá i …

NÍ “SIOPA CAINTE” a bheidh i dTóstal na Gaeilge, a dúirt Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an t-eagras atá i mbun na hócáide. “Deis” a bheidh ann do phobal na Gaeilge plé a dhéanamh ar cheisteanna comhaimseartha Gaeilge, a ról sa tsochaí agus tionchar a imirt ar an ról céanna.

Beidh plúr na gcainteoirí i láthair, a dúirt sé, le díriú ar cheisteanna casta na teanga “in atmaisféar oscailte cuimsitheach torthúil”.

Dara gach bliain a eagraítear an Tóstal a bhfuil an téama “Ó Aidhm go Feidhm” aige i mbliana agus a bheidh ar siúl i nGaillimh mí Feabhra. Dúirt sé go mbeadh an ócáid ag breathnú chun tosaigh ar an chéad scór bliain eile agus an Rialtas ag ullmhú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Scrúdódh an chomhdháil rólanna an phobail, na hearnála deonaí agus an Stáit i gcaomhnú na teanga sa tsochaí agus ar na rudaí a bhí le déanamh le sochaí Ghaelach a bhuanú do ghlúnta eile na Gaeilge.

Is é an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff, an Bhreatain Bheag, príomh-aoichainteoir na hócáide agus fear a bhfuil polasaí agus pleanáil teanga mar phríomhábhar taighde aige. Tá taithí aige ar bhunú agus ar chur i bhfeidhm Iaith Pawb, plean náisiúnta Breatnaise chun dátheangachas a chothú. Labhróidh Williams ar an dóigh le plean teanga a chur i bhfeidhm.

READ MORE

Ag labhairt fosta, beidh an Dr. Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin ar an ábhar: “Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain”. Creideann siad go mbeidh tionchar diúltach ar pholasaí an dátheangachais ar úsáid na Gaeilge go sóisialta i measc mhuintir na Gaeltachta.

Ó tharla gur tábhachtach leis an Chomhdháil aischothú a fháil ón phobal, beidh seisiún ceisteanna agus freagraí le painéal aoichainteoirí faoi chathaoirleacht an iriseora, Gormfhlaith Ní Thuairisg. Tabharfaidh an seisiún áiméar do dhaoine a gcuid tosaíochtaí i bhforbairt na Gaeilge san am a bheidh le teacht a lua.

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lárchomhairle ar phobal na Gaeilge agus é mar aidhm aici bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar theanga bheo a neartú agus a bhuanú le go mbeidh sí in úsáid i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.

Beidh an Tóstal ar siúl Dé hAoine 26ú agus Dé Sathairn 27ú Feabhra sa Salthill Hotel, Gaillimh.

  • Eolas: www.tostal.ie