Ní amour ach airgead atá i gceist

Is iontach an t-am é Lá San Vailintín don duine soiniciúil

Is iontach an t-am é Lá San Vailintín don duine soiniciúil. Bainim pléisiúr nach beag as a bheith ag spochadh as lánúineacha leamha ag ceannach teidithe beaga dá chéile.

Dar liomsa, tá rud éigin cearr le haon duine a cheannódh bréagán bog d’aon duine os cionn 12 bliain d’aois. Tá lúb ar lár ansin. Go cinnte.

Ar bhealach, áfach, tá sé leisciúil a bheith ag gearán faoi Lá San Vailintín. Sprioc éasca atá ann, gan amhras.

Ach ba mhaith liom gearán a dhéanamh faoi rud éigin gaolta leis: Gnó an Ghrá.

READ MORE

Nuair a deirim “Gnó an Ghrá”, nílim ag caint sa gciall theibí ar “Chúrsaí Grá”, ach sa gciall chorparáideach; na gnónna cleamhnais uilig atá tar éis teacht ar an bhfód le cúpla bliain anuas a bhfuil sé mar sprioc acu d’anamchara a aimsiú duit.

Agus a bhfuil sé mar sprioc acu tú féin agus do chuid airgid a scarúint óna chéile – “seic nó airgead tirim amháin, le do thoil!”

Neart fíona

Thosaigh sé uilig le gairid. Don séú deireadh seachtaine as a chéile, chaith mé oíche phléisiúrtha le mo chuid cairde.

D’ól muid neart fíona. Agus rinneamar neart gearán faoi dhaoine nach dtaitníonn linn. Bhí sé iontach.

Ach an fhadhb atá ann ná mise an t-aon duine singil sa gcomhluadar sin. Ba mhaith liom soinicí eile a aimsiú le páirt a ghlacadh i mo chuid clamhsán.

Bhíos díreach i ndiaidh mír a fheiceáil ar The Late Late Show faoi sheirbhísí déanta cleamhnais agus píosa a léamh fúthu sa nuachtán áirithe seo.

Mar sin, rinne mé cinneadh dul sa seans agus cúpla scairt a dhéanamh.

Ní rabhas róthógtha leis an chéad chomhlacht: “Is máthair shingil tú?” arsa bean an chomhlachta. “Bíonn sé an-deacair é sin ‘a dhíol’ leis na fir in amanna, an dtuigeann tú?”

“Óóóóó,” arsa mise, “tá cuma an-eisiach ar fad ar do ghnó”.

“Táimid an-eisiach ar fad,” arsa sise.

Ba léir nár aithin sí an tsoiniciúlacht ná an searbhas a bhí ag cur thar maoil i mo ghuth.

Ar aghaidh liom go dtí an tarna comhlacht. Fear iontach cairdiúil a labhair liom ar an bhfón.

Ach d’iompaigh sé ina fhear díolacháin trodach go sciobtha nuair a dúirt mé nach mbeinn sásta €500 – airgead tirim nó seic – a íoc leis ag an chéad chruinniú dár gcuid.

Ní raibh fonn orm teagmháil a dhéanamh leis an tríú comhlacht, fiú, mar ní maith liom an múnla atá acu.

Tá siad lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus socraíonn siad dátaí ar do shon ón áit sin.

Saincheadúnas idirnaisiúnta atá iontu dar lena gcuid ábhar bolscaireachta féin, a bhíonn ag déanamh cleamhnas i 35 tír ar fud an domhain.

Ach ar aghaidh liom ar aon nós.

“Haighhhh,” arsa Rochelle ó Florida liom, “gearrann muid €1,900 ar dheich ndáta a shocrú. Mar gheall ar go bhfuil sé chomh costasach sin, is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú fear maith. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil sé sochar ó thaobh chúrsaí airgid de.”

Níor mhaith liom a rá leat cén freagra a thug mé ar Rochelle bhocht.

Lón machnaimh

Thabharfadh an chaint ar fad ar airgead lón machnaimh duit go cinnte.

Tá na comhlachtaí seo ag súil go dtabharfaidh tú airgead dóibh láithreach, gan eolas ar bith a bheith agat faoin gcineál cliant atá acu.

D’fhéadfaidís tú a shocrú suas le sraith fear sna 70í atá 4’ 10” ar airde lena gcuid féin den chonradh a chomhlíonadh.

Agus ní bheadh cosaint ar bith agat mar go mbeadh do chuid airgid uilig íoctha agat cheana féin.

Cén fáth nach mbíonn siad sásta ligint duit íoc de réir a chéile? Ní de réir an mhúnla sin a bhíonn seirbhísí traidisiúnta cleamhnais ag oibriú ar chor ar bith.

Má deir comhlacht gur gnó iad “atá dírithe ar an té proifisiúnta,” is féidir leo rud ar bith a ghearradh, is léir. B’fhearr liom féin dul sa seans ag Lios Dúin Bhearna. Nó Coppers, fiú!

I ndeireadh na dála, táim sásta nár chaith mé mo chuid airgid. Aon duine a d’íocfadh €1,900 gan barrántas a fháil faoin méid a bheadh i ndán dó, níor mhaith liom bualadh leis.

Táim cinnte go mbeadh sé ar dhuine de na fir sin a cheannódh teidí duit Lá San Vailintín.

Dánta de dhíth

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar lorg dánta i nGaeilge nó i nGaidhlig na hAlban do Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghan Ó Néill, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Duais €500 agus corn a bheidh le baint ag an fhile buach agus is iad na filí Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman a bheidh ina moltóirí i mbliana. Eolas: sdavitt@comhdhail.ie nó 01-6794780