Ní fada feabhas - Tánaiste

Tá an Tánaiste Eamon Gilmore diongbháilte de go n-athróidh cúrsaí sa bhliain úr agus tá níos mó dóchais aige ná mar a cheapfá…

Tá an Tánaiste Eamon Gilmore diongbháilte de go n-athróidh cúrsaí sa bhliain úr agus tá níos mó dóchais aige ná mar a cheapfá go n-éireoidh leis na spriocanna go léir atá leagtha amach aige don bhliain a bhaint amach.

Cheana féin tá sé ag caint faoi ré nua iarchúlaithe agus ag rá lena Theachtaí Dála agus lena Sheanadóirí go gcaithfidh siad a bheith ullamh don fhéidearacht sin.

Chomh maith leis sin, tá sé ag leagan amach clár mór oibre, ní amháin don Rialtas ach don Aontas Eorpach ar a bhfuil Éire ina huachtarán ar feadh sé mhí.

“Beidh Éire ina huachtarán ar an aontas don chéad leath de 2013 agus tá téama againn. Tá muid ag cur béime ar fhostaíocht, ar fhás agus ar réiteach a fháil ar na ceisteanna lárnacha eacnamaíochta atá ag bagairt ní amháin ar Éirinn ach ar an Eoraip chomh maith,” a deir sé le linn agallaimh i nGaeilge le The Irish Times.

READ MORE

“An rud is suntasaí ná go bhfuil príomhaidhmeanna na tíre comhthreomhar le príomhaidhmeanna na hEorpa. An dúshlán is mó roimh an tír seo ná fostaíocht a chur ar fáil agus sin í an chonstaic chéanna san Eoraip chomh maith.

“Tá 26 milliún duine dífhostaithe ar fud na hEorpa; go háirithe daoine óga. Tá 20 faoin gcéad d’aos óg na hEorpa gan post ag an am seo. Tá cás práinneach ann le polasaithe agus socruithe a chur chun cinn, agus go tapa, ar leibhéil éagsúla.”

Ag iompú go gné eile de sceideal na huachtaránachta, deir sé go ndéanfaidh an Rialtas tréaniarracht an tionscnamh chun an margadh comónta agus aonarach a chríochnú i mbliana: “Tá sé soiléir go gcaithfidh muid forbairt mhór a dhéanamh maidir leis an gceist sin.

“Chomh maith leis sin, tá an margadh digiteach an-tábhachtach agus caithfidh muid é sin a chothú. Is ábhar spéise agus tábhachta é sin go háirithe don aos óg atá ar a gcompord le teicneolaíocht de gach cineál.”

Nuair a tháinig an comhrialtas chun oifige, leathnaíodh cúraim Gilmore mar Aire Gnóthaí Eachtracha sa mhéid is go raibh freagracht nua air i dtaobh pholasaithe trádála an Rialtais. Meabhraíonn sé nasc díreach idir a chúraim sa bhaile agus a chúraim Eorpacha: “Beidh béim faoi leith chomh maith ar thrádáil. Tá aontais nua thrádála le socrú le tíortha mór le rá: Ceanada; an tSeapáin; Singapore agus na Stáit Aontaithe.

“Labhair mé féin leis an Rúnaí Stáit Hillary Clinton nuair a bhí sí in Éirinn roimh an Nollaig mar gheall ar an ábhar sin. Tá na Stáit Aontaithe toilteanach dul i mbun cainte linn anseo san Eoraip ar aontas nua trádála a réiteach.”

Ag díriú ar chás an Stáit seo maidir leis an ghlúin óg, cuireann sé béim ar an ngá fostaíocht agus traenáil a chur ar fáil. Deir sé go bhfuil cuid den bheart sin déanta ag an Rialtas cheana féin.

Tá an prionsabal céanna ag gníomhú san Aontas Eorpach, a deir sé: “Ta Coimisiún na hEorpa chun tuairisc a fhoilsiú go luath ag díriú ar dheiseanna fostaíochta a thabhairt do dhaoine óga. Tá sé ar intinn againn a chinntiú go mbeidh gníomhaíocht ag tarlú maidir le moltaí na tuairisce sin agus go mbeidh dul chun cinn ag baint leis. Is é an teideal atá ar an bpolasaí ná “Geallúint don Aos Óg” agus leagann sé amach dualgais an aontais chun fostaíocht nó traenáil nó oideachas a chur ar fáil dóibh.”

Mar a tharlaíonn, tá tábhacht faoi leith ag baint le téama eile le cás an Stáit seo, an iarracht chun aontas baincéireachta a thabhairt chun críche: “Tá a lán déanta cheana féin. Tá reachtaíocht ar na bacáin chun an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (European Stability Mechanism) a chur i bhfeidhm. Tá dhá chuspóir i gceist – is í an scéim rathaíochta baincéireachta an chéad rud agus is é réiteach bainc an chuid eile de.”

Má thagann aon fhaoiseamh ón socrú seo, ní thiocfaidh sé i mbliana. Ar an láimh eile de, tá súil ag an Rialtas laghdú nó faoiseamh a fháil ar an gcéasadh airgeadais a fuair an Stát de bharr €30 billiún nach mór a chur isteach i mBanc Anglo-Irish tré nótaí gealltanais.

Tá Gilmore dóchasach: “Tá cainteanna ar siúl le tamall le Banc Ceannais na hEorpa maidir leis na nótaí gealltanais. Ceann de na rudaí is práinní dúinne san athbhliain ná an cheist sin a shocrú.

“An dara rud a mbeimid ag díriú air ná an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Maíodh nach mbeimis in ann aon dul chun cinn a dhéanamh ar an gceist seo agus go mbeadh tíortha eile ag cur inár gcoinne. Is soiléir go bhfuil muid ag bogadh ar aghaidh, go bhfuil amchlár maith leagtha síos.”

Agus a mheon féin ag an am seo? Dóchasach gan aon dabht. Creideann sé go mbeidh athruithe sonracha le feiceáil roimh dheireadh na bliana. Tá fianaise aige ar a argóint go bhfuil an Stát ag dul sa treo cheart: “Den chéad uair in Éirinn ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta, chonaic muid fás agus borradh ar feadh trí ráithe as a chéile. Is maith an comhartha é sin.”