Moladh manuaile

BHÍ ÓCÁID ar leith ar Ollscoil Mhá Nuad Déardaoin seo caite, tráth ar seoladh an séú himleabhar, agus an ceann deiridh, sa tsraith…

BHÍ ÓCÁID ar leith ar Ollscoil Mhá Nuad Déardaoin seo caite, tráth ar seoladh an séú himleabhar, agus an ceann deiridh, sa tsraith Manuail de Litríocht na Gaeilge 1750–1850: Maidneachan?(Coiscéim) leis an scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin.

Is fada aithne ag lucht na Gaeilge ar Ó Doibhlin as a scríbhneoireacht cheannródaíoch, le húrscéalta ar nós An Branar Gan Cur, Aistí Critice agus Cultúiragus ábhar a d'aistrigh sé ón Fhraincis.

Mhol an fear ollscoile Fionnbarra Ó Brolcháin saothar Uí Dhoibhlin as taispeáint “nár leor an Béarla, teanga sholúbtha na meán cumarsáide, mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo”.

Ba í an Ghaeilge amháin a bhí in ann feidhmiú mar “mheán idéalach a fhreamhaíonn acmhainn an dúchais. Is foinse mhothúcháin í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú. Seo ról criticiúil a bhaineann leis an bhféinfhios agus is botún bunúsach ó thaobh an gheilleagair de míthuiscint a dhéanamh faoi”.

READ MORE

Ba é saothar Uí Dhoibhlin a bhí mar inspioráid ag a chuid taighde féin. Léirigh Ó Doibhlin go raibh tábhacht le fréamhacha le cruthaitheacht a spreagadh agus muinín agus mórtas a chothú sa phobal.

Bhí sé seo fíor ach go háirithe agus “an geilleagar domhanda ag éirí níos casta, eolasbhunaithe agus dinimiciúil”.