Moill oideachais

D'eisigh Cathaoirleach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Breandán Mac Cormaic, ráiteas Dé hAoine seo…

D'eisigh Cathaoirleach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Breandán Mac Cormaic, ráiteas Dé hAoine seo caite ina ndúradh go raibh sé tar éis teacht chun solais go raibh tógáil Ionad Náisiúnta Oideachais Bhaile Bhúirne curtha ar athló go dtí go bhfógrófaí a mhalairt, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ní hé gur chuir an Roinn Oideachais sin in iúl don chomhairle ach chonacthas ar shuíomh Idirlín de chuid na Roinne go raibh an t-ionad, maraon le roinnt tograí eile, le cur ar an mhéar fhada de bharr ciorraithe an Roinn Airgeadais.

Dúirt príomhfheidhmeannach na comhairle, Muireann Ní Mhóráin, gur ar Raidió na Gaeltachta a chéadchuala siad faoin chinneadh.

Tar éis dóibh an scéal a phlé ag cruinniú an tseachtain seo caite d'eisigh an cathaoirleach ráiteas inar cuireadh béim ar an ról lárnach a bhí leagtha amach don ionad i mbaint amach na spriocanna atá leagtha síos don Chomhairle de réir Alt 31 den Acht Oideachais (1999).

READ MORE

Tuigtear do Thuarascáil go bhfuil dul chun cinn déanta ó eisíodh an ráiteas sin. Cé gur fíor go bhfuil tógáil an ionaid curtha siar go cionn bliana níl an togra caite i dtraipisí ag an Roinn Oideachais, mar a measadh nuair a fógraíodh an scéal i dtús báire.

Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus táthar dóchasach go mbeidh airgead ar fáil go luath chun an t-ionad a thógáil.

Tá an Roinn Oideachais tar éis iarraidh ar an chomhairle tuairisc a chur ar fáil dóibh maidir le struchtúr bainistíochta agus riachtanais foirne an ionaid agus tá sé sin idir lámha ag an chomhairle faoi láthair.

Tá sé i gceist go mbeidh tacaíocht riachtanach ar bhonn uile-Éireannach do mhúineadh trí Ghaeilge agus do mhúineadh na Gaeilge ar fáil san ionad seo, go mbeidh taighde ar siúl ann maidir le riachtanais scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, go bhforbrófar áiseanna teagaisc ann agus go gcuirfear oiliúint agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas.

An tAire Oideachais, Micheál Ó Máirtín a rinne an cinneadh an t-ionad a lonnú i mBaile Bhúirne, Co Chorcaí. Nuair a d'iompaigh a chomharba, an Dr Michael Woods, an chéad fhód i mí Mheithimh 2000 bhíothas ag súil go mbeadh an obair tógála faoi lán seoil anois.

Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar bun le dhá bhliain anois agus ionadaithe uirthi ó na scoileanna Gaeltachta agus ó bhoird bhainistíochta na scoileanna atá cláraithe leis an eagraíocht Gaelscoileanna.