Mo chuid wellies

Beocheist: Bíodh trua againn do bhriogáid na dúthrachtacha. Níl aon réiteach ar scéal an M3 ag Teamhair

Beocheist: Bíodh trua againn do bhriogáid na dúthrachtacha. Níl aon réiteach ar scéal an M3 ag Teamhair. Níl rialtas na hÉireann ag comhlíonadh a chuid dualgaisí de réir an Chonartha Kyoto.

Tá cogaí fós ag réabadh san Iaráic agus in iliomad áit eile ar domhan. Tá foraiseacha á mbánú agus na cnoic oighir á leá.

Níl sé éasca orthu an oiread san comhbhá a bheith acu leis an domhan. Gan trácht ar na geansaithe olla a chaitheann siad agus an tslí ina scríobtar a gcraiceann.

Thóg briogáid na dúthrachtacha sos óna ndianmhothú síoraí agus bhailíodar leo go dtí an Phicnic Leictreach i Sráidbhaile, Co Laois, ar na mallaibh.

READ MORE

Féile cheoil go príomha atá i gceist sa Phicnic agus is iomad stáitse agus seánra a bhí ann. Adhradh gan náire ab ea an-chuid de na gigeanna, go háirithe nuair ba ghrúpaí Éireannacha a bhí ag seinnt.

Bhí puball mór grinn ann chomh maith inar choimeád fuirseoirí den dá insne an slua sna tríthí ag gáire - agus ní beag an t-éacht é sin.

Dream thar a bheith Dáiríre is ea cliantacht na Picnice: bhí spás ar leith dóibh siúd ar mian leo a gcuid cúiseanna tábhachtacha a phlé i rith na deireadh seachtaine. Caithfidh gur bhain na daoine céanna sásamh áirithe as an mbia (orgánach agus éagsúil), as an gcaifé (cóir thrádála) agus fiú na hárthaí (bith-indighrádaithe).

Deis ab ea an Phicnic dul i bhfoisceacht an nádúir, dul a choladh fé na réalta agus dul go dtí an leithreas i bportaloo bréan. Thapaíos féin an deis cúpla lá a chaitheamh ag gabháil timpeall i bpéire wellies agus teangmháil a dhéanamh leis an bhfeirmeoir inmheánach.

Chuaigh roinnt rudaí i bhfeidhm go mór orm ag an bPicnic. Is iondúil go mbíonn tú cráite ag fógraíocht ag a leithéid d'fhéile ach b'iad Amnesty Idirináisiúnta an t-aon dream a thugasa fé deara, gan rian de ghnáthurraitheoirí móra féilte.

Bhí Amnesty ag labhairt (go séimh) le daoine agus ag lorg sínithe (go béasach) dá bhfeachtais éagsúla.

Go deimhin, bhí gach éinne thar a bheith séimh agus béasach lena chéile, fiú agus iad ag fanacht sna síorscuainí. Ghlanfadh a leithéid de dea-mhéin searbhas an chinicí is nimhní...seachas b'fhéidir Brendan O'Connor.

Iarradh orthu siúd a fuair ticéad saor in aisce bronntanas €30 a thabhairt (le dea-mhéin, gan dabht!) agus chuaigh an t-airgead san go dtí cumainn charthanachta éagsúla. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuair thart fá míle duine ticéad gan díol as, ní beag an tsuim a bailíodh.

Bhí stáitse amháin - An Crann Mór - áit ar sheinn grúpaí saor in aisce agus chuaigh an t-airgead a bhí le dul dóibh go dtí cúiseanna maithe. Ní hamháin san ach cuireadh crainn (cad eile?) ar son na gceoltóirí a sheinn ar an stáitse céanna.

Ansin ag deireadh na hoíche, ritheamar ar fad go dtí an crann ba chóngraí chun barróg a bhreith air. Ok...níl an abairt dheireanach sin fíor, ach déarfainn gur iomaí crann a fuair barróg le linn na Picnice.

Dos na díograiseoirí timpeallachta a bhraith fé bhrú, bhí áit ar leith dóibh ina bhféadfaidís scaoileadh lena strus.

"Intinn, Corp is Anam" an t-ainm a bhí ar an suíomh agus d'fhéadfadh duine suaithreacht a fháil ar a ghuaillí nó ar a chosa, dul i gcomhair seisiún reiki nó díreach suí go suaimhneach cois locha.

Faraor, ba léir go raibh daoine ann nach bhféadfadh a gclab a choimeád dúnta agus chualas an-chuid Comhráití Lán-Dáiríre faoi Chúiseanna Práinneacha. Bhraitheas cuid den seansearbhas ag filleadh. Mhaitheas dóibh é, áfach, toisc go rabhas tar éis teacht ar thuiscint nua maidir leis an dream úd.

Maith nó olc, tá gá nach beag againn do na daoine seo. Ní hé go bhfuilid ann chun cur isteach orainn, nó chun beag is fiú a dhéanamh dínn.

Táid ann chun sinn a ghríosú chun gnímh agus glacadh le dualgas chaomhnú na timpeallachta chomh maith le cearta daonna.

Má bhraithimid náire de bharr ár n-easpa gaisce sna réimsí seo, nach bhfuil rud éigin bainte amach ag caint na briogáide dúthraí.

Má dhéanaimid neamhaird ar chách is ar an domhan mórthimpeall orainn, cén toradh a bheidh leis?

An mairfidh an t-athrú meoin seo go dtí Picnic na bliana seo chugainn? N'fheadar fós. Beidh orm mo chuid wellies a tharraingt orm is dianmhachnamh a dhéanamh ar an gceist. Tá crann thiar sa ghairdín agus cuma uaigneach air...