Mna misniula

Tugadh aitheantas don mhórobair a rinne gach duine a bhí bainteach leis an ghluaiseacht réamhscolaíochta Ghaeilge ag ócáid in…

Tugadh aitheantas don mhórobair a rinne gach duine a bhí bainteach leis an ghluaiseacht réamhscolaíochta Ghaeilge ag ócáid in Áras Fhoras na Gaeilge Déardaoin seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is é Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) a d'eagraigh an ócáid chun comóradh a dhéanamh ar shaothar Mháire Uí Ainín in earnáil an Luathoideachais agus Cúram Leanaí.

Ach bhí i láthair ag an ócáid daoine a bhí bainteach leis na Naíscoileanna Gaelacha as ar fhás an Comhchoiste Réamhscolaíochta a bunaíodh in 1978 agus thug Cathaoirleach FNT, Niall Ó Murchú, ardmholadh do na mná misniúla sin a chuir tús leis an ghluaiseacht: Helen Ó Murchú; Aingeal Ó Buachalla; Helen Ó Cíosáin; Peig Uí Chaollaí; Treasa Ní Ailpín; Bríd Ní Choncheanainn; Bairbre Mhic Con Iomaire agus go leor eile.

D'inis Helen Ó Murchú roinnt scéalta greannmhara a léirigh na deacrachtaí a bhí ag na mná sin, i mblianta tosaigh an Chomhchoiste Réamhscolaíochta, chun cur ina luí ar "na cultacha dubha" sna ranna stáit agus i mBord na Gaeilge féin go raibh tábhacht leis an obair a bhí ar siúl acu. Ag an am bhí formhór na naíonraí á rith ag máithreacha ina dtithe féin agus bhí ceisteanna ann faoi árachas agus faoi shláinte.

READ MORE

Ceapadh oifigeach ar an Chomhchoiste in 1978, Máiréad Nic Sheanlaoich, ach ar feadh na mblianta bhí comhairleoirí ag dul thart ar na naíonraí gan d'íocaíocht acu ach costais taistil.

Faoi 1988 nuair a ceapadh Máire Uí Ainnín ina príomhoifigeach ar an Chomhchoiste bhí gluaiseacht na naíonraí faoi lán seoil, ach siocair go raibh líon na naíonraí i mBéarla agus i nGaeilge ag dul i méid, bhí méadú mór ar na rialacha stáit a bhí leagtha síos ag ranna éagsúla.

In eagrán nua daite den Lámhleabhar do Stiúrthóirí Naíonraí, tá dhá alt ag Uí Ainnín a léiríonn an tuiscint atá aici ar an reachtaíocht ar fad a bhaineann le cúram páistí réamhscoile.

Dáilfear an lámhleabhar ar na daoine a dhéanfaidh na cúrsaí i gcúram leanaí a eagraíonn FNT, a tháinig i gcomharbacht ar an Chomhchoiste in 2003 chun dul in oiriúint don athrú saoil atá ann anois.

Is í Uí Ainnín a bhí i mbun na forbartha sin ach mhol sí dá raibh i láthair ag an ócáid gan a maidí a ligean le sruth mar go mbeadh Clár nua um Chúram Leanaí le cur i bhfeidhm i mbliana ar bhonn contaetha agus nár mhór féachaint chuige go dtabharfaí aitheantas ceart don Ghaeilge ann.