'Mireaduil'

Ba shonraíoch an aidiacht a d'úsáid an tAire Stáit Tom Kitt sa Seanad an tseachtain seo caite agus é ag léiriú dhearcadh an Rialtais…

Ba shonraíoch an aidiacht a d'úsáid an tAire Stáit Tom Kitt sa Seanad an tseachtain seo caite agus é ag léiriú dhearcadh an Rialtais ar an rún uilepháirtí a mhol teanga oifigiúil oibre a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach.

"Míréadúil" a bhí sé bheith ag súil lena leithéid de stádas agus ní raibh seans ann go dtarlódh sé le linn uachtaránacht na hÉireann, a dúirt sé.

Cad chuige "míréadúil"? Thuigfeá dá ndéarfadh sé é bheith dodhéanta nó éigiallta nó míréasúnta. Thuigfeá dá ndéarfadh an Rialtas go neamhbhalbh nár chreid siad gurbh fhiú an stádas sin bheith ag an teanga; gur cur amú airgid a bheadh ann; gur beag a dhéanfadh stádas oifigiúil dá cás. Ní bheadh mórán daoine sásta leis sin ach thuigfeadh siad gur ar bhonn réasúnaíoch inteacht a bhí an Rialtas ag feidhmiú; go raibh argóint de chineál inteacht acu le cur in éadan stádais oifigiúil.

Níl san aidiacht sin 'míréadúil' ach léiriú eile ar éagumas an Rialtais aire mar ba cheart a thabhairt ar chúrsaí cultúir na hÉireann. Chomh leamh lag ceoch is atá sé mar aidiacht. Míniú ar leithscéal é; leithscéal nach míniú é. Míréadúil. Ar an ábhar go ...?

READ MORE

Is ionann 'míréadúil' agus croitheadh na nguaillí ag déagóir nuair a fhiafraíonn a thuismitheoirí de cá bhfuil a thriall ar uair an mheán oíche.

Is é freagra Kitt an gonc is poiblí agus is suntasaí atá tugtha d'fheachtas Stádas go dtí seo. An cheist atá anois ann, cad é an dóigh a mbogann siad an feachtas chun cinn ar bhonn náisiúnta? Tá rún rite ag 11 comhairle baile agus contae ag tacú leis an fheachtas agus is ábhar mór misnigh a leithéid.

Beidh deis an t-ábhar a phlé ag Tóstal na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaillimh Dé hAoine 27ú agus Dé Sathairn 28ú mí Feabhra nó beidh comhairleoir ó Roinn Oideachais Mhálta, Paul Akkard, i láthair.

Mura n-éiríonn leis an fheachtas, beidh impleachtaí ann d'fhorbairt na Gaeilge ar bhonn náisiúnta. Mura fiú aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge san Eoraip, cad é is fiú aitheantas a thabhairt di mar chéad teanga oifigiúil sa Bhunreacht?

Tá sonraí faoin Tóstal le fáil ag www.tostal.ie nó 01-6794780