Mi na Marbh

An Peann Coitianta: A Mhuire Mháthair, Ma, bhíos suite i gcúinne an tseomra suí mar a bhfuil coill daraí cártaí Aifrinn fós …

An Peann Coitianta: A Mhuire Mháthair, Ma, bhíos suite i gcúinne an tseomra suí mar a bhfuil coill daraí cártaí Aifrinn fós ar an mbord tar éis naoi mí; bhíos dod shamhlú á léamh,le do "Lord be praised" nó "Oh! you whom I have loved so much on earth, pray for me" nó "Nach rabhas ag caint le Kitty Cronin i Sráid Phádraig ar mo shlí aníos ó Peter and Paul's" nó ag cur brainse eile dár ngéaga ginealaigh isteach siar amach, "Iníon iníne d'aintín Nonie as Tír Eiltín í siúd" gan aon stad ach gaolta, sinsear, muintir.

A Mhuire Mháthair, Ma, tá na cailíní chomh holc céanna anois leat, ag fótachóipeáil seanchártaí na marbh a bhaineann linn, a bhain go dlúth leat. Tá máithreacha agus seanchairde á leagadh ar lár ó shin ar dalladh; gach aon uair a chloisim liosta na marbh, sciob-sceab, duine eile. Teascadh an tséasúir ghéaglomtha, gortghlanadh. Do lom ár ngéag féin, leis, déanta glan na fírinne.

PÉ scéal é, dheineas néal éigin sa chathaoir, tionúr codlata ní foláir, agus chroitheas lán mo bhoise ar m'aghaidh as buidéal Old Spice i drawer - éinní amach as buidéal a déarfása - bhíos glanbhearrtha, gan aon aftershave ach an seana-dhiabhal witch hazel nach bhfágann smeach ar bith sna liopaí, is láithreach bhíos ag fágaint an tí ar mo chamashiúlta downtown, síos fén mbaile, where all the lights are bright le Petula Clarke for God's sake, mo ghéaga sna déaga ag rince, hip-hop, hormónach, harmónach i ré na seóbhannaí The Freshmen agus Dickie Rock, aer Halla na Cathrach plúchta le Old Spice na n-ógánach nuabhearrtha, Flash Russell á rá liomsa é chaitheamh uaim go raibh Old Spice riamh cheapálta, ach bhraitheas go rabhas dochloíte leis an gcumhracht armúrtha, is urlár Halla na Cathrach ag luascadh leis an smúrthacht - pé ceardaithe a d'fháisc na cláracha chuireadar spreang sna tairní, is dheineamar rince ar comhbhuille ó cheann ceann an tí - Derek ag coveráil na Beach Boys, Brian Wilson ina chruth daonna, sinne thíos ar urlár toinne ag surfáil ó Chorcaigh go Pasadena, go dtí gur thosnaigh an ceann mall - an clinger - is chlingeálamar le chéile, ag teannadh isteach go docht in éide uchta na mban, gabhal ar ghabhal, faid gach faid, ceathrú ar cheathrúin, isteach, isteach, inár lánstad ar fad.

DHERA, Ma nach é an chéad rud a dheineann madra ná bolathaíl, agus is dócha gurbh iad na chéad bholaithe a bhíomar féin a fháil; is mé thar n-ais i Montenotte gurb é do chéad bholadh-sa fós a gheibhim, an chumhracht úd tar éis bhreithe i do sheomra leapan thuas staighre, i mbolg na cathrach sular lódálamar go lodartha aníos ó Shráid na Dúglaise. Pé ní a thug aníos sinn, muran sean-ghalántacht éigin a lean isteach ó Shliabh Eoghain tú, sliocht na bhfeirmeoirí agus na n-acraí sléibhe is gurb iad siúd agus muintir na mbóithre a líon isteach i do sheomra leapan chun tú a thórramh. Bhraitheas go dtabharfadh cláracha dúra Montenotte faoin mbulc daonna, is fós gur mhór an sásamh an tigh tuaithe cathrach a bheith lán le lucht na cathrach tuaithe faoi mar a bhímis féin tráth sa chúlchistin i Sliabh Eoghain ag éisteacht le geata á oscailt féachaint cé bhí anois chugainn isteach an casán, Annie agus Julia lena málaí aníos ó Chaipín, agus Frank bocht ag triall ar an mbraoinín poitín, agus ó ba dhóbair dom a dhearúd, an tseana-chráin ar chuas á clipeadh agus í i mbun banbhaí sa bhothán a rith im dhiaidh, a béal ar leathadh ag snapadh ar mo sháil gur bhaineas an cúldoras céanna amach ar éigin, á bholtáil.maith dhom Ma a ríon go fóill, caithim breith arís ar m'anáil.

READ MORE

MUCA Ma! Tá's ag Dia, gur bhraitheas tráthanna dem shaol mar a bheinn dom shaolú faoi mo luí seoil féin, sa tslí is nach raibh fhios agam an rabhas ag teacht nó ag teacht. Tá sé álraidht anois díreach. Chuireas díom Cath Chéim an Fhia, nár éirigh leat a rá ag Feis an Chaipín mar gheall ar shlaghdán. D'aimsíos mo Mháire Bhuí, bhán. Gheibhim do bholadh cumhra i bPróváns Chorcaí, ag margadh na mbláth fiáin. Ní chreidfeá, Ma, ach bhraitheas lá is mé ag siúl le málaí grósaeirí ón gcrosaire, go mba mise tusa ag triall ón gcathair, baineadh stad glan asam is chaitheas seasamh. Tá tú ann. Bímid ann. Lán d'anam. Sinne a fuair an focal love deacair is a d'fhoghlaim grá a rá an athuair ina phaidir.