Meine connexions zur family sind total okay

 

CÚRSAÍ TEANGA atá idir chamáin in uimhir 91 den iris Art Thought – Fikrun Wa Fann, iris a thugann lón machnaimh dom i gcónaí agus atá ar fáil saor in aisce tríd an bpost: www.goethe.de/fikrun

Meabhraíonn Jürgen Trabant dúinn gur féachadh ar Thúr Bháibil mar mhallacht, i bhfocail eile pionós a chuir Dia orainn ab ea éagsúlacht teangacha. Shíl réabhlóidithe na Fraince go mbeimis níos fearr as gan ach teanga amháin uilíoch a bheith againn; tá tuairim agam narbh í an Bhriotáinis a bhí ar aigne acu.

Féachaimis siar ar Thúr Bháibil. Deir an Sean-Tiomna linn gur “labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir”. Ach cad a dheineadar ansin? Thógadar túr dóibh féin. Caithfidh nach raibh cead pleanála acu mar bhí an Tiarna i bhfeirg leo: “Téanam, a dúirt Sé, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidís caint a chéile a thuilleadh.”

Agus má léimise Trabant i gceart, bheimis mallaithe go deo murach tíolacadh na Cincíse, is e sin le rá ní gá go mbeadh aon teanga amháin againn chun go dtuigfimis a chéile.

Faoi mar a deirtear i nGníomhartha na nAspal: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?”

Deir Uwe Pörksen gur i mBéarla seachas ina dteanga féin a scríobhann formhór mór na n-acadúlaithe Gearmánacha sa lá atá inniu ann. Scanrúil.

Má sheasann tú i stáisiún traenach sa Ghearmáin feicfidh tú go bhfuil an Béarla i réim, focail ar nós Intercity, Departure, Cool Drinks agus mar sin de. Reisezentrum an focal a bhíodh le feiceáil ar Oifig na dTicéad. Servicepoint atá tagtha ina áit. Maíonn Pörksen go bhféadfadh teanga iompó ina canúint mura mbaintear leas aisti sa réimse phoiblí.

Seans maith gur glaine í an Ghaeilge ná an Ghearmáinis. Cé a chreidfeadh é? Cloistear abairtí ‘Gearmáinise’ mar seo sa ghnáthchaint: déagóir a bhí ag iarraidh a rá go réitíonn sé go maith lena mhuintir: “Meine connexions zur family sind total okay.”

Ar an taobh eile den scéal, tá daoine ann a deir gur rud nádúrtha is ea é focail ó theangacha eile a thógaint ar iasacht. Ní rabhamar riamh aonteangach. Ní féidir a rá go bhfuil máthairtheanga amháin ag duine agus gur teanga iasachta gach teanga eile – miotas a chruthaigh an náisiúnstát é sin.

Bhí teangacha á meascadh riamh san Eoraip, an Laidin agus an teanga áitiúil mar shampla. Seo abairt ón ailceimiceoir Paracelsus, a deir, “Más mian leat go leigheasfaí thú, ná hinsteall uisce san fhiostúl” – “Si vis curare, noli sprützen aquam in die fistel” – meascán uafásach ach inghlactha go maith ag an am, is cosúil.

Tháinig deireadh le tionchar na Laidine agus ón 17ú haois ar aghaidh bhí an-tionchar ag an bhFraincis ar an nGearmáinis.

Téanam anois go Báibil na hAfraice agus alt iontach san iris chéanna ag Khadi Fall, duine atá ag obair san Aireacht Oideachais i bPoblacht na Seineagáile agus atá an-dian ar a tír féin san alt seo.

B’fhéidir go bhfuil deireadh leis an gcoilíneachas ach tá apartheid teanga fós in áiteanna ar nós Phoblacht na Seineagáile. Ní in Éirinn amháin a bhí an bata scóir. Dá mbeadh sé de dhánacht ag páiste ar bith an Volaifis nó teanga eile seachas an Fhraincis a labhairt chuirtí pionós ar an bpáiste sin, ar mhaithe leis féin gan dabht.

IS í an Fhraincis teanga na cumhachta sa tSeineagáil. Mura dtuigeann 60 faoin gcéad de dhaonra na tíre sin an Fhraincis ná na reachtanna is na rialacha go léir atá scríofa sa teanga sin, cén seans atá acu dul chun cinn a dhéanamh sa saol nó athrú ar bith a chur i bhfeidhm ar an gcóras sóisialta agus polaitíochta ann?

An bád bán an t-aon éalú ag a lán acu. Tá nath cainte ag aos óg na tíre, “Barça nó Barzak”. Seasann Barça le haghaidh Barcelona agus iasacht ón Araibis is ea Barzak a chiallaíonn Bás. Ní fios líon na Seineagálach a bádh san Atlantach ar a mbealach chun na Spáinne.

Ní thuairiscítear sna meáin ceann de na cúiseanna a bhfuil éadóchas ar Sheineagálaigh óga – níl dul chun cinn ar bith i ndán dóibh ina dtír féin mura bhfuil acu ach a dteanga dhúchais.

Chuir an tOllamh Cheikh Anta Diop teanga na Seineagáile, an Volaifis, ar leabhair mhata agus fisice agus é deimhneach gur chóir oideachas lán-Volaifise a chur ar mhuintir a thíre. Chuir uachtarán na tíre ag an am, an file Léopold Sedar Senghor, cosc air.

Rugadh Marica Bodrozic sa Dalmáit agus tá cónaí anois uirthi i mBeirlín. Ní tír í an Dalmáit, ar ndóigh, ach réigiún. Sa Ghearmáinis a scríobhann Marica. Tháinig duine chuici tar eis di léamh filíochta a thabhairt agus ar sise: “Is mór an pléisiúr é a bheith ag éisteacht leat agus an tslí ina gcuireann tú tú féin in iúl sa teanga seo againne.”

Sa teanga seo againne? Nach liomsa an teanga seo? arsa Marica. Tá úrscéal 367 leathanach scríofa aici sa Ghearmáinis. Ná habradh éinne nach léi an teanga.

Tá teanga ar nós an ghrá, ar sí. Ní le héinne í. Tá sí saor, faoi mar atá an grá saor. Tá sí saor agus mór, ar nós an aigéin a gcothaíonn craobh-aibhneacha é agus nach mbeadh ann in aon chor murach iad.

Is dóigh le Marica go bhfuil a bua féin ag gach teanga. Agus tá, gan amhras. Ní fhéadfadh teanga na sícanailíse teacht chun cinn i dteanga ar bith eile seachas an Ghearmáinis, dar léi.

Samhlaigh gur theith an Freudach ó Vín go Baile Átha Cliath, gur thug grá don Ghaeilge, go raibh sé ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge.

An mbeadh sé in ann anailís a dhéanamh ar a chuid brionglóidí trí mheán na Gaeilge, nó anailís a dhéanamh ar bhrionglóidí an Phiarsaigh?

Tá an friotal agus an téarmaíocht ann inniu, gan dabht, mar is teanga an-fhorbartha í an Ghaeilge.

Ach an mbeadh an Freudach caite amach as an gConradh dá mbeadh caint ar siúl aige ar an “tréimhse shádach anasach”, cuir i gcas?

(An bhfuil tú in ann Béarla a chur air sin? Freagra: anal-sadistic phase).

Samhlaigh a cholún féin aige, Seal le Sigmund, sa Chlaidheamh Soluis: “A Ghaela, beidh mé ag scríobh inniu ní ar an tréimhse iontach a chaitheas ar an mBlascaod Mór agus snas agam á chur ar mo chuid Gaoluinne, ach ar an tréimhse shádach anásach nach ionann é in aon chor agus pian sa tóin. Is é atá ann ná an dara céim d’fhorbairt shícíghnéasach an linbh...”

Agus dúirt an Freudach, dála an scéil gurb iad na hÉireannaigh an t-aon chine ar domhan nach féidir sícanailís a dhéanamh orthu. Ar mo leabhar!

  • Tháinig dhá leabhar nua ó pheann an údair ar na mallaibh, Haiku Enlightenmentagus Haiku, the Gentle Art of Disappearing. Cambridge Scholars Publishing na foilsitheoirí.

anailísanalysis – áitiúillocal – canúintdialect – coilíneachascolonialism – éadóchasdespair – éagsúlachtvariety – meascánmixture – nádúrthanatural – pionóspunishment – scanrúilterrifying – sícanailíspsycho-analysis – tioncharinfluence – uafásachterrible – uilíochuniversal