Maolra Seoighe le comóradh ar Aifreann speisialta i nGaillimh

Míreanna: Beidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D

Míreanna:Beidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn i láthair Dé Céadaoin seo chugainn ar Aifreann speisialta sa Ghaillimh i gcuimhne Mhaolra Seoighe, fear Gaeltachta a daoradh chun báis go héagórach 100 bliain ó shin, ar an 15 Nollaig 1882, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá an tAifreann ar siúl mar chuid de chomóradh ar Sheoighe agus na daoine eile a d’fhulaing de bharr dhúnmharaithe Mhám Trasna in 1882.

Crochadh Maolra Seoighe as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh ceithre mhí roimhe sin ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo in ainneoin go raibh fianaise ann go raibh sé neamhchiontach agus gur i mBéarla, teanga nár thuig sé, a bhí imeachtaí na cúirte.

Chéad chruinniú Údarás na Gaeltachta

READ MORE

Bhí an chéad chruinniú ag bord nua Údarás na Gaeltachta ar na Forbacha, Co na Gaillimhe, Dé hAoine.

Bhuail Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, leis an bhord nua agus chuir siad a n-imní faoin chónascadh idir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta Gaelscolaíochta agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in iúl dó.

Phléigh lucht an chruinnithe fosta cúrsaí buiséid don bhliain seo chugainn, cúraimí an údaráis faoin straitéis 20 bliain agus rólanna an eagrais le fiontraíocht a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú.

Tá an bord le seisiún ar leith a eagrú le cúrsaí pleanála teanga agus straitéis forbartha a phlé.

Soláthar €18.6m in iomlán a bheidh ar fáil ón Stát do bhuiséid chaipitil agus reatha an údaráis, a thug bainistíocht an eagrais le fios don bhord.

Tá na feidhmeannaigh “an-dóchasach” go mbeidh an eagraíocht ábalta teacht ar mhaoiniú caipitil sa bhreis trína gcuid nascanna le Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaíocht Forbartha Tionscail (IDA), Bord Iascaigh Mhara agus Bord Bia.

Chuir an bord fáilte roimh an €3.4 milliún atá curtha ar fáil ag an státchiste le díriú ar ghníomhaíochtaí forbartha pobail agus teanga.

Baineann Conallach gradam idirnáisiúnta liteartha

Is fada aithne ag lucht na Gaeilge ar an Chonallach Lillis Ó Laoire mar amhránaí ar an sean-nós. Tá sé ag baint clú agus cáil amach dó féin i mbun pinn fosta. Bhain leabhar a scríobh sé, i gcomhar le Sean Williams, Bright Star of The West, gradam mór The Alan P. Merriam Prize for Oustanding Book in Ethnomusicology. Oxford University Press a d’fhoilsigh an leabhar.

Cuireann Ó Laoire agus Williams síos ar shaol agus ar stór amhráin Joe Heaney, duine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr.

Scrúdaíonn na húdair ceisteanna féiniúlachta agus cultúir sa leabhar fosta.

“An intimate and important look at the life of a major figure in Irish folk music,” a thug an Journal of Folklore Research ar an saothar.