Manannais bheo

Cosúil le Conallach a bheadh ag iarraidh Gàidhlig na hAlban a labhairt

Cosúil le Conallach a bheadh ag iarraidh Gàidhlig na hAlban a labhairt. Is mar sin a chuir Seán Ó Brádaigh síos ar chainteoir Manannaise ag an oíche Mhanannach a d'eagraigh Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach Déardaoin seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Cé nach dtógann sé ach breis bheag agus leathuair an chloig dul ar eitleán ó Bhaile Átha Cliath, nó ó Ghlascú, go hOileán Mhanann is beag eolas atá ag Gaeil na hÉireann nó na hAlban ar Ghaeilge Mhanann, teanga a bhí á labhairt go forleathan ar an oileán go dtí lár an 19ú haois.

Dar le Douglas C Fargher, an té a thiomsaigh an Foclóir Béarla-Manannaise a foilsíodh in 1979, is é córas litrithe na Manannaise a chuireann bac ar lucht labhartha Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban an Mhanannais a thuigbheáil. "An historical abomination," a thug sé air.

Tá samplaí den chóras litrithe sin sna seanfhocail Mhanannaise seo a léigh Seán Ó Brádaigh don chomhluadar, seanfhocail nár dheacair don Ghaeilgeoir iad a thuigbheáil ón chaint, ach a chuirfeadh an litriú, atá bunaithe don chuid is mó ar fhoghraíocht an Bhéarla, mearbhall air:

READ MORE

Ny veggan as ny veggan d'ee y koyt y skeddan

Ina bheagán is ina bheagán, d'ith an cat an scadán;

Ta lane eddyr rae as jannoo

Tá a lán idir rá agus déanamh;

Cha nee y wooa s'moo eiys s'moo vlieaunys

Ní hí an bhó is mó a ghlaonn, an bhó is mó a bhleánn.

De réir daonáirimh 1901 bhí 4,500 cainteoir dúchais Manannaise ar an oileán ag an am. Ach 20 bliain ina dhiaidh sin bhí a líon tithe go 531 agus in 1951 ní raibh fágtha ach deichniúr. Is in 1974 a fuair an cainteoir dúchais deireanach, Ned Maddrell, bás. Ach le linn an ama sin de bharr obair roinnt díograiseoirí sa Chumann Gaelach, (Yn Chesaght Ghailckagh) bhí iarrachtaí ar bun chun an teanga a athbheochan.

De réir suirbhé a rinneadh in 1992 bhí 40 faoin gcéad de thuismitheoirí ar an oileán ag éileamh go múinfí Manannais sna scoileanna. Socraíodh go múinfí í mar ábhar breise ar feadh leathuair an chloig gach lá. Maíonn breis agus 1,600 duine anois go bhfuil Manannais acu.

Cé gur beag sin ar oileán a bhfuil beagnach 80,000 ina gcónaí ann is comhartha é go bhfuil an tsuim sa teanga ag dul i méad.


  • Beidh an Chomhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta ar siúl ón Luan 12ú go dtí an Satharn 17ú Aibreán i mbliana agus Ról na mBan Ceilteach sa stair mar théama ann. Eolas: 01-4960586.