Man Bites Dog

Craolfaidh TG4 clár faisnéise, Man Bites Dog M'Uncail, ar an iriseoir Dónal Foley san oíche amárach ag 8pm.

Craolfaidh TG4 clár faisnéise, Man Bites Dog M'Uncail, ar an iriseoir Dónal Foley san oíche amárach ag 8pm.

Fuair Foley bás tá 25 bliain ó shin. Ba é a bhunaigh Tuarascáil, colún a chuir borradh faoi chúrsaí Gaeilge san Irish Times; scríobhadh sé colún i mBéarla, Man Bites Dog agus ba Eagarthóir Nuachta agus Leas-Eagarthóir é sa nuachtán fosta.

Tá a neacht, Catherine Foley, ina hiriseoir leis an Irish Times agus is í a insíonn scéal a huncail agus is í deirfiúr Catherine, RoseAnn, a stiúraigh an clár. Ar na daoine a chuireann síos ar shaol agus ar shaothar Dhónail, tá an t-údar Maeve Binchy, an léiritheoir teilifíse Muiris Mac Congháil agus an léachtóir Eoin Ó hAnluain.