Mamon agus Mars

Crobhingne: Táthar ag rá gur chóir tagairt a dhéanamh do Dhia i mBunreacht an Aontais Eorpaigh, cé nach ndeir siad linn cén …

Crobhingne: Táthar ag rá gur chóir tagairt a dhéanamh do Dhia i mBunreacht an Aontais Eorpaigh, cé nach ndeir siad linn cén sórt tagartha a bheadh i gceist. Daoine eile ag rá gur cheart dúinn an tseafóid sin ar fad a fhágáil inár ndiaidh, piseoga na linnte a d'imigh, mumbó-seombó na sin-seansagart sin a bhfuil a ré caite.

Maidir le Dia féin, áfach, dúirt sé liom an lá cheana go mba chuma leis ann nó as.

Ní fhágann san nach mbeidh a chuid giollaí ar talamh ag sioscadh ina thaobh. Lucht páirte an aon chreidimh fhírinnigh amháin á fhéachaint le neacha is lú solas ná iad. Iad siúd atá ag siúl san doircheacht chomh daingean ina reiligiún tuata féin le cúistiúnaí doiminiceánach ar bith. Bímis buíoch nach bhfuil na scriúnna agus an raca sínte chomh faiseanta sin an taobh seo de na cogaí domhanda.

Is fearr liom féin an bia meánach atá i lár an ghoirt. Is mise Taidhgín gach taobh san aighneas seo, mar is maith liom gach duine a shásamh. In ionad tagairt a bheith don aon Dia amháin sa Bhunreacht molta seo, nó neachtar acu, gan tagairt ar bith dó nó di, cumá agus cad chuige nach mbeadh áit ann do na déithe uile go léir dá raibh riamh ar neamh nó faoina bun, os cionn talún nó istigh ina broinn? Go leor de na déithe seo, níl siad imithe, tá a fhios agat, agus cá bhfios nach dtriallfadh cuid acu chugainn arís le malairt taoide? B'é AE féin a mhaíodh go raibh na déithe ceilteacha ag filleadh go hÉirinn, agus nach deas mar a oireann a ainm don Aontas Eorpach againn féin.

READ MORE

Tar éis an tsaoil tá go leor díobh fite inár saol cheana. Oíche Shathairn comórtar le saturnalia an dia breá ragairneach sin nach bhfágfaidh an stáitse go deo fad is a bheidh fuil ag rith i gcuisleannaibh. Sna teangacha Gearmánacha bíonn lá faoin dTor acu ar an Déardaoin, agus déanaimidne Lú a adhradh i rith na míosa sin a ainmníodh as, bíodh gur sa Spáinn nó sa Ghréig is mó a luímid síos faoi. Dia ceart Eorpach é an lúidín céanna mar is amhlaidh gur fhág sé a lorg ar bhailte agus ar chathracha ar fud na críche más fíor do na scoláirí - Léon, Leiden, Livirno, Luguru, Luluville agus mar sin de. A dhála céanna ag Fionn sular déanadh cumhal de, is cosúil go mbíodh sé i mbun glia agus gaisce in Vín, Vincennes, Vinga, Finhaut, Finhovsk agus Finkak.

Táimid ag brath chomh mór sin ar chánacha agus ar dhleachta dí agus biotáille nár mhiste Meadhbh a ardú ina seasamh agus ina stádas. Ciallaíonn a hainm "an té a mhúsclaíonn meisce" agus is liosta gan áireamh iad a lucht leanta. Agus ar son cothromaíochta, d'oirfeadh an bhandia Tea dóibh siúd arb í a rogha chupán í. Danu féin, fág gur fearr an aithne a bhí uirthi in Éirinn, is cosúil go raibh sí ina feisire Eorpach, leis, cúpla míle bliain ó shin. Théadh ag snámh san Danóib agus san Dniepr, dhá shní a fhanann.

Is follas go mbeadh roinnt daoine, go háirithe i bhFine Gael agus i bPáirtí an Airgid, a bhféadfadh deacrachtaí móra a bheith acu le hEochaidh, cuma é a bheith san diallait nó gan a bheith. Mar sin féin, bhíodh sé ar fáil coitianta ar fud na tíre agus ar fud an chósta ag marcaíocht ar shobal Mhanannáin. Mar adúirt Mac Lir, rinne sé maitheas áirithe dá staid, agus bhí a fhios againn é. B'fhéidir deacrachtaí acu le Clíona, freisin, mar bhíodh a tóin ag buair le trá, agus sin íomhá nár cheart a chothú san Eoraip nua seo romhainn amach. B'fhearr go mór fada mar shamhail í Tlachtga, a thaistil ar fud na ilchríche ag bailiú eolais agus deontas, agus a thug clocha luachmhara ar ais ón Iodáil chomh fonnmhar le turasóir ar bith.

Caolchuid bheag dár gcuid déithe féin iad sin atá balbh le fada agus a bhfuil aitheantas ag dul dóibh faoi dheireadh. Má loic an Rialtas ar an nGaeilge san Eoraip tá caoi anois acu ar an mbris a thabhairt isteach. Beidh rialtais eile ag cosaint a nguthanna féin, agus is mó sin dia díobh atá ann. Leisí, dia na foraoise i measc na Slavach agus a bhféadfadh Coillte úsáid a bhaint as; Balder na Lochlannach, dia na gruaige; Frigg ar féidir a ainm a lua gan diamhasla; Atalanta a thug an guta cúnta dúinn; Vy-Mart na bhFionlannach a d'oscail siopaí ar fud an domhain.

Fágtar an bealach sa bhunreacht, áfach, do Mhamón agus do Mhars, mar is iad príomhdhéithe na hEorpa iad thar amhras anonn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar