Maireann an dóchas go fóill

Nuair a toghadh Barack Obama den chéad uair ba é an nuachtán aorach The Onion is túisce a chuir corc sa histéire leis an gceannlíne…

Nuair a toghadh Barack Obama den chéad uair ba é an nuachtán aorach The Onion is túisce a chuir corc sa histéire leis an gceannlíne iontach: “Black Man Given Nation’s Worst Job”.

Ar an lá a insealbhaíodh Obama sheasas féin san fhuacht i Washington le beagnach dhá mhilliún duine eile agus d’fhéachas soir le hiontas ar an Capitol a thóg sclábhaithe.

Ach má bhí deora á sileadh le háthas timpeall orm, bhí óráid insealbhaithe Obama saor den chuid is mó ón reitric thaibhsiúil a dhein réalta pholaitiúil de an chéad lá.

Óráid fhileata ach sollúnta a bhí ann agus ba léir gur thuig an chéad uachtarán dubh ar Mheiriceá an fhírinne sa ghreann i gceannnlíne The Onion.

READ MORE

“The time has come to set aside childish things,” a dúirt Obama an lá sin, ag baint macalla as ráiteas de chuid Naomh Pól agus ag meabhrú dúinn téama an athmhuintiris a chuir gaoth i seolta a fheachtais.

Faraor, má bhí an t-uachtarán nuathofa ag súil go n-éisteodh poblachtánaigh lena achainí bhí breall air.

Níos déanaí an lá sin i Washington shuigh cuid de na poblachtánaigh is cumhachtaí agus is páistiúla sa tír chun boird i mbialann an Caucus Room le plean a cheapadh chun an t-uachtarán úr a chur dá dhóchas.

Chuirfeadh an páirtí a chuir an geilleagar go tóin poill i gcoinne gach iarrachta a dhéanfadh sé teacht aníos ón ngrinneall. D’éirigh cuid mhaith leo.

Dé Máirt seo caite nuair a toghadh Obama den dara huair ba ag cumadóirí ceannlínte The Onion arís a bhí an léamh is gléine ar bhua stairiúil eile. “Defeated man victorious” a d’fhógair an bréagnuachtán.

Tagairt a bhí sa mhéid sin do dhíbirt an dóchais le linn chéad téarma Obama agus na botúin éagsúla a bhí déanta aige le ceithre bliana anuas.

Ach tagairt ab ea é chomh maith do dhearcadh na ndaoine a dhein scéal ainniseora de scéal an tslánaitheora.

Seo iad na daoine a dhein dearmad ar bhuanna suaithinseacha Obama amhail is gurbh é an chéad pholaiteoir riamh nár dhein beart de réir a reitrice.

Le linn fheachtas na bliana seo bhí mórán gach aon saineolaí den tuairim go raibh na hiarrthóirí gob ar ghob sa rás agus go raibh sé ródheacair a thuar cé acu Obama nó Romney a thabharfadh an lá leo.

Bíodh is gur léirigh na pobalbhreitheanna – agus an ghlúin nua de staitisticeoirí a dhéanann anailís orthu – go raibh Obama mar rogha na coitiantachta cuíosach láidir bhí na saineolaithe ar nós cuma liom.

Ní raibh an léamh sin ar chúrsaí ag teacht le scéal an ainniseora sa Tigh Bán nó leis an bhfianaise stairiúil maidir le toghcháin agus staid na heacnamaíochta.

Nuair a thug Obama dúshlán na staire arís le bua cuimsitheach eile bhí iontas orthu.

An spéirling Sandy faoi ndeara é, a dúradar. “Sea, gníomh Dé ba chúis leis,” a dúirt na coimeádaigh chruthanta, cé nár rith sé leo go gciallódh sé sin go raibh a nDia ar thaobh Obama, an diabhal féin.

Ní fhéadfadh go raibh baint ag buanna suaithinseacha Obama le bua suaithinseach Obama, an bhféadfadh?

Tá Obama ag filleadh ar an dTigh Bán agus dúshláin scanrúla éagsúla roimhe fós agus braithfidh go leor cé acu a thuigeann nó nach dtuigeann na poblachtánaigh go bhfuil an t-am ann faoi dheireadh “to set aside childish things”.

Maíonn an t-uachtarán go bhfuil ceachtanna foghlamtha aige agus is cosúil go bhfuil misneach go fóill aige.

Bhí an dóchas dána le braistint arís san óráid a thug sé oíche Mháirt seo caite, é cosúil leis an gceoltóir a chasann cúpla móramhrán aitheanta nuair is léir dó go bhfuil na hamhráin dúshlánacha óna albam nua neamheisithe ag cur codlata ar an slua.

Dar le roinnt tráchtairí go bhfuil seans ann go bhféachfar fós ar Obama mar uachtarán den chéad scoth go háirithe má éiríonn leis a thír a tharraingt siar ó imeall na faille fioscaí agus aghaidh a thabhairt ar cheist na hinimirce nó ar an téamh domhanda.

Is cuimhin liom a bheith ag fágaint an National Mall i Washington ar 20ú Eanáir 2009 nuair a scaipeadh an scéal i measc an tslua go raibh an héileacaptar os a gcionn in airde ag tabhairt George W. Bush abhaile go Texas.

Go tobann bhí a lámha in airde ag na céadta mílte duine ag fágáil slán go caithréimeach leis an iar-uachtarán agus é ag eitilt siar amach thar an Lincoln Memorial.

Níl aon cheist ach go dtabharfar tús áite do thubaiste eacnamaíochta 2008 agus cogadh na hIaráice sa bhreithiúnas a thabharfaidh staraithe amach anseo ar an oidhreacht a d’fhág Bush le huacht ag a chomharba.

Tá seans fós ag Barack Obama a oidhreacht stairiúil féin a mhúnlú.

Tá an “defeated victorious man” fós ina sheasamh in ainneoin na mbuillí ar fad agus tá a chéilí comhraic, a chuir rompu uachtarán aon-téarma a dhéanamh de, sínte go fóill.

Maireann an dóchas fós.