Míreanna

A round-up of today's other stories in brief

A round-up of today's other stories in brief

Mná an cheoil le cluinstin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuirfidh an fidléir óg as Béal Feirste, Méabh Ní Thuathaláin, sraith nua ar mhná sa cheol traidisiúnta – Ceol na mBan – i láthair ar Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn ag 6.30pm.

Díreoidh sí ar stádas na mban sa cheol, ar na deacrachtaí a bhíonn acu agus cúrsaí stíle.

READ MORE

Labhair sí le mná ó cheann ceann na tíre faoin taithí a bhí acu mar cheoltóirí agus faoina gcuid tuairimí faoin cheol.

Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Mary Bergin, Aoife Granville, Aibhlín McCrann, Freda Nic Giolla Chatháin, Bernadette Nic Gabhann, Kitty Seán Ní Chuinneagáin, Mary Corcoran, Verena Commins, Bríghid Ní Ghadhra agus Máire Ní Ghráda.

Foras na Gaeilge le críoch a chur le maoiniú Gaelscéal

D’fhógair Foras na Gaeilge Dé hAoine go raibh siad le deireadh a chur le maoiniú an nuachtáin, Gaelscéal.

Tá an foras le héirí as an chonradh a bhí acu leis an chomhlacht Torann na dTonn leis an nuachtán a fhoilsiú.

‘Luach ar airgead’

I ráiteas a d’eisigh an foras, dúradh gur “i gcomhthéacs luach ar airgead” a tógadh an cinneadh ag cruinniú dá mbord ar 25ú Eanáir.

Dúradh sa ráiteas gur léirigh cinneadh an bhoird “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

Dhéanfaí staidéar ar riachtanais agus ar mhianta phobal léitheoireachta na Gaeilge sula ndéanfaí an cinneadh sin, a dúirt sé.

Dúirt ráiteas an fhorais nár éirigh le Gaelscéal “leibhéal díolacháin a bhaint amach a bheadh sásúil do Thorann na dTonn ná d’Fhoras na Gaeilge”.

Bíodh sin mar atá, d’aithin an foras “dúthracht stiúrthóirí Thorann na dTonn agus fhoireann uilig Gaelscéal le táirge den scoth a chur ar fáil”.

Thug an ráiteas le fios go raibh meándíolachán 1,314 cóip in aghaidh na seachtaine ag Gaelscéal le linn 2012.

D’aithin an foras go raibh “tábhacht le seirbhís nuachta inléite trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus tá pleananna á gcur le chéile le freastal a dhéanamh ar an riachtanas seo don tréimhse amach anseo”.

Cáiníocóir

Dúirt leas-phríomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, ar RTÉ RnaG Dé Luain, áfach, nach raibh aon chinneadh déanta fós an seirbhís nuachta ar líne amháin a bheadh á lorg acu amach anseo.

Dúirt Ó Coinn gur fhág leibhéal díolacháin an nuachtáin go raibh costas €6 ar an gcáiníocóir ar gach cóip de Gaelscéal bhí á dhíol.

Dúirt Ó Coinn nach bhféadfadh an foras an leibhéal sin díolacháin “a chosaint”.

Díolachán 9,000 cóip in aghaidh na seachtaine a bhí leagtha síos mar sprioc ag Torann na dTonn féin sna téarmaí a d’aontaigh siad leis an fhoras.

Tugadh fógra dhá mhí do Thorann na dTonn go raibh deireadh á chur leis an chonradh a bronnadh orthu i 2010 chun Gaelscéal a fhoilsiú.

B’fhiú €400,000 in aghaidh na bliana an conradh sin.

Dúirt eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, i ráiteas go raibh leibhéal ciorclaíochta an nuachtáin ard ach figiúirí idirlín agus na meáin shóisialta – Facebook agus Twitter – a chur san áireamh.

Dúirt sé go mbeadh “taobh” an nuachtáin den scéal le léamh ar Gaelscéal na seachtaine seo.