Luchoga mora

Crobhingne: Is é an diúltú teanga an bhalbháin

Crobhingne: Is é an diúltú teanga an bhalbháin. Tá an guth nó an vóta nó caitheamh an dísle ag pobail Iarthar Eorpa le fada an lá agus is minic gur chaith siad go ciallmhar é.

Is é buntáiste an daonlathais go bhfuil gach duine cothrom faoin dlí agus go bhfuil cead dá réir sin guth a chaitheamh as eolas nó as aineolas. Cuid de sheansúlacht an tsaoil í. Tá guth an oibrí is suaraí agus is táire pá chomh luachmhar leis an gcaipitlí is gile carr.

Ina choinne sin, tá cuid éigin díom, cuid bheagmhaitheasach ghránna nach maith liom, a ardaíonn a glór ó am go chéile. Cuid í a éilíonn gur cheart go mbeadh a fhios ag daoine cad ar a shon a bhfuil siad ag vótáil.

Cuir i gcás go raibh tú ag vótáil d'Fhianna Fáil ar son na seanaigne agus na bhfeirmeoirí beaga agus athbheochan na Gaeilge agus athaontú na hÉireann agus neodracht an Stáit agus gurbh í an fhírinne gur ag vótáil ar son Pháirtí an Díomais agus na Díbeartha a bhí tú, nach ort féin a bheadh an locht? Nó, cuir i gcás gur shíl tú gurbh shóisialach de dhath éigin é an Pet Rabbit, nár chóir duit triail dhian i.q. éigin a sheasamh?

READ MORE

Ní móide gur léigh mórán den mhóramh nár mhór leo 'Bunreacht' na hEorpa san Fhrainc an téacs bun barr. Is dóichíde gurbh ar bhonn braistinte agus mothúchán a dhiúltaigh siad dó. Braistintí agus mothúcháin is mó a shocraíonn reifrinn agus toghcháin agus ní hea léamh fuarchúiseach ar na polasaithe ná ar na moltaí atá sa treis.

Stiliú is ea na braistintí agus na mothúcháin sin ar scata braistintí agus mothúchán eile a thagann aníos as imirt an chluiche pholaitiúil. Is féidir saint gach duine a shásamh, is féidir an córas sláinte is fearr sa chruinne a chur ar fáil, is féidir dioscúrsa láidir poiblí a thionscnamh is a fhorbairt, is féidir iachall a chur ar dhaoine an mhaith a dhéanamh agus an t-olc a sheachaint, is féidir seasamh láidir a ghlacadh in aghaidh Impire an Domhain, ach ní féidir tabhairt orthu gabháil leis an rud nach mian leo a dhéanamh.

Tá oiread cúiseanna le diúltú na Fraince don bhóthar iarainn Eorpach is atá de shaoránaigh acu. Agus b'fhéidir gur san fhocal aonair singilte sin amháin atá an eochair - 'saoránaigh'.

Déarfar leat gur in aghaidh na nAngla-Saxanach a bhí - dream atá níos amhrastúla faoin 'Eoraip' ná ainrialach ar bith. Déarfar leat gurbh eagla roimh an bpluiméir Polannach a bhí ann, roimh an bhfear anoir atá ag déanamh na hoibre salaí dóibh. Déarfar leat gurbh é tionchar an Bhéarla a d'fhág seanbhlas orthu, Béarla atá anois ina príomhtheanga san Aontas arna dhaingniú ag stáit nua an oirthir.

Déarfar leat gurbh é eagla roimh na kebabs - mo bhrón, mo threighid, mo lomasceimhle! ní liomsa an focal ach le Dáil Éireann - roimh mhuintir na Tuirce a bheadh níos líonmhaire agus níos cumhachtaí agus níos ioslamaí faoi ndeara dóibh an 'non' a thabhairt.

Ach ní hionann diúltú na Fraince agus diúltú stáit ar bith eile. Maítear gurb í an Fhrainc croí na hEorpa. Agus cé gur dóigh liom féin gurb é croí na hEorpa pé tír a bhuann an Comórtas Amhránaíochta Eorafíse, tuigimid don áiteamh gurbh iad agus na Gearmánaigh a chuir an socrú cruach agus guail ar bun breis agus leathchéad bliain ó shin gurbh as a hadaíodh an tAontas Eorpach. Ceann de thuistí an Aontais iad atá anois ag díbirt don ál a shíolraigh siad.

Ar an gcuid is fearr de bhí reifreann, bhí guth an phobail acu. Shocraigh sé thír dhéag den chúig bhallstát ar fhichid gurb í an phairlimint a dhéanfadh an socrú, mar a dhein an Ghearmáin Dé hAoine seo caite féin, gan díospóireacht phoiblí ar éigean. Agus mar is léir ó Acht Aontachta ar bith, is iad na teachtaí pairliminte an dream is fusa agus is saoire le ceannach. Thoileodh Dáil Éireann le socrú ar bith a dhéanfadh rialtas na hEorpa ach an praghas a bheith beag agus i gceart. Thoileodh Dáil na Fraince mar an gcéanna, agus gach dáil eile mar is iad siúd an aicme is mó a shlogfaidh as an trach.

Ba mhaith leis na dála na daoine a chur ar ceal, agus daoine eile níos umhaile a chur ina n-áit.

Is é ceacht stairiúil na Fraince cur suas dó sin. B'iad ba thúisce a léirigh lofacht na ríogachta agus na huaisleachta dúinn.

B'í an bhearna sin idir uaisle agus ísle a bhí arís á meabhrú acu dúinn Dé Domhnaigh seo caite. Ní léir go bhfuil an scéala sin sroichte go dtí an caisleán fós, áfach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar