Lorg na láimhe

 

BEOCHEIST:AGUS AN t-alt seo á scríobh agam, tá mé ag baint úsáid as ríomhaire pearsanta. Nuair a bheidh an scríbhinn críochnaithe agam mar chomhad Word, rachaidh sí isteach go dtí an t-eagarthóir agus glacfaidh sí páirt i bpróiseas tionsclaíochta a bhaineann le táirgeadh an nuachtáin.

Déanfar eagarthóireacht ar an téacs, ach ní bheidh ar éinne mo chuid a athscríobh chun í a chur i gcló. Beidh an próiseas gan siúnta.

Tá buntáistí móra ag baint leis an méid sin is uile, ní féidir a shéanadh. Is furasta téacsanna a chur i gcló go han-tapa. Thug an ríomhaire an cumas sin dúinn.

Ach nár cailleadh mórán freisin? Measaim go bhfuil a lán caillte agam féin. Ní bhacaim leis an pheann a thuilleadh agus mé ag scríobh. Ní dheinim nótaí ná réamhdhréacht.

Cén fáth go ndéanfainnse sin? Chaithfeadh sé an iomad ama orm. Ina ionad sin, breacaim síos gach rud sa chomhad chéanna ar an ríomhaire.

Nuair a thosnaigh mise ag scríobh na blianta fada ó shin, scríobhainn mo dhréacht le peann agus pár, agus ansin d’athscríobhainn é ar an gclóscríobhán.

Ansin chuirinn isteach go dtí lucht na hirise é, agus bhíodh orthu-san an téacs a athscríobh arís don gcló. Próiseas fada saothrach a bhí ann gan amhras.

Anois tá deireadh leis an gclóscríobhán. Ach de réir dealraimh tá deireadh leis an lámhscríbhneoireacht freisin. Tá cuid áirithe de stair na litríochta ag imeacht uainn.

I dtús báire, b’ealaín í an lámhscríbhneoireacht, ba teicneolaíocht riachtanach í.

Bhí an scríobhaí i gceartlár na litríochta. Bhí táirgeadh na leabhar ag brath air. Chruthaigh manaigh Ghaelacha na Meán-Aoise an leabhar mar shaothar ealaíne, agus lean scríobhaithe ar fud na hEorpa leis an traidisiún sin go dtí gur tháinig aois na clódóireachta.

Ní hamháin sin, ach bhí traidisiún na peannaireachta á chleachtadh ar fud an domhain. Sa Mheán-Oirthear bhí peannaireacht na hArabaise agus na hEabhraise i réim, iad dírithe ar shaíocht agus ar chothú scrioptúir naofa.

Thall san Áis, bhí traidisiún mór peannaireachta eile ag na Sínigh, traidisiún a thug siad do na Seapánaigh. Cuireann sé ionadh ar dhuine go fóill cé chomh hálainn is atá an scríbhneoireacht sin.

Ar fud stair na Gaeilge, is beag a cuireadh i gcló. Fiú sa 17ú haois bhí na scríbhneoirí agus an lucht léitheoireachta ag brath ar lámhscríbhinní. Ní miste a rá go mbeadh saíocht na Gaeilge caillte ar fad gan an lámhscríbhneoireacht.

Fiú má tháinig an clódóir in áit an scríobhaí maidir le táirgeadh leabhar san Eoraip, bhí réimse eile fágtha don lámhscríbhneoireacht go fóill: dialanna agus litreacha pearsanta.

Chuir an peann friotal ar anam agus chroí, ar réimse phríobháideach an duine. Bhain an réimse sin leis an bpeann agus leis an lámhscríbhneoireacht. Bhíodh bród ag daoine as a lámhscríbhneoireacht. Bhí sí breá agus soléite mar bhí daoine ag brath uirthi don ghnáthchumarsáid scríofa.

Anois tá deireadh leis an litir phearsanta. Ní scríobhann daoine litreacha a thuilleadh. An chumarsáid scríofa anois, is ríomhphost í, a scríobhtar le méarchlár, nó SMS, a scríobhtar ar ghuthán póca.

Is é is dóichí go n-éireoidh an cine daonna as bheith ag scríobh le peann. Foghlaimeoidh na páistí an cheird ar scoil go fóill, agus beidh leabhair nótaí á n-úsáid ag daoine anseo is ansiúd, é doléite ach amháin dóibh féin, is dócha; ach ní scríobhfaidh an gnáthdhuine.

Ní smaoinítear go minic ar an difríocht a dhéanfaidh an t-athrú seo sa saol. Go dtí seo bhí scríbhneoireacht faoi leith ag gach duine. D’aithin tú “lorg láimhe” duine ón méid a scríobh sé. Chuir an scríbhneoireacht friotal ar an duine. Chuir sí an duine in iúl. Múineadh do na daoine ar scoil conas scríobh de réir modha áirithe, ach d’fhorbair gach duine a stíl féin, lorg a láimhe.

Baineann an lámhscríbhneoireacht le friotal a chur ar an bhféiniúlacht. Sa chaoi sin tá sí cosúil leis an ghuth. Tá guth individiúil ag gach duine. Nuair a labhrann sé, cuireann an guth an méid sin in iúl: “mise atá ag labhairt, agus ní duine eile.”

Deineann an lámhscríbhneoireacht an rud céanna. Deireann sí: “mise (an t-údar) atá ag scríobh agus ní duine eile.” Ach tá an fhéiniúlacht scríofa seo ag dul in éag.

Feictear dom nach bhfuil daoine sásta lámhscríbhinní a léamh anois, fiú amháin litir phearsanta. Tá sé ag éirí ródheacair dóibh. Tá deireadh le lorg na láimhe sa scríbhneoireacht. Ní bheidh ann amach anseo ach an cló meicniúil liosta aonghnéitheach. Mar an méid atá á léamh agat anois...