Litríocht Eorpach

SEISEAR SCRÍBHNEOIRÍ atá ainmnithe ar an ghearrliosta do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh, Éirinn 2009, scríbhneoir Gaeilge…

SEISEAR SCRÍBHNEOIRÍ atá ainmnithe ar an ghearrliosta do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh, Éirinn 2009, scríbhneoir Gaeilge ina measc, Pádraig Ó Gallachóir.

Is iad na húdair atá ainmnithe Karen Gillece, Alison Jameson, Nuala Ní Chonchúir, Philip Ó Ceallaigh, Pádraig Ó Gallachóir agus Stephen Price. Roghnaíodh Ó Gallachóir as dhá úrscéal dá chuid,

Na Déithe Bréige

agus Seachrán na

READ MORE

Mic Uí gCorra.

Roghnaigh an giúiré na húdair ó liosta de 32 scríbhneoir Éireannach, idir scríbhneoirí Gaeilge agus Béarla, a chomhlíon na critéir. Fógrófar an buaiteoir ag deireadh mhí na Bealtaine.

Dúirt duine de mholtóirí an chomórtais, Sorcha de Brún: “Is é seo an chéad uair don Aontas duais litríochta uile-Eoraip mar seo a reáchtáil mar aon le fostú Ambasadóir Litríochta na hEorpa.

“Is í an tábhacht is mó a bhaineann leis ná go bhfuil an tAontas ag tabhairt aitheantais don litríocht den chéad uair i saol, i stair agus i bhforbairt chultúrtha na hEorpa, agus go ndéanfar litríocht chomhaimseartha na hEorpa a chur chun cinn ag an am céanna.”

Beidh duais €5,000 ag dul don té a bhainfidh, spreagadh, a dúirt de Brún, “go háirithe má chuimhnítear gur féidir le gairm na scríbhneoireachta bheith ina gort uaigneach go minic”.