Leargas lingua

Tá an tIontaobhas ULTACH ag eagrú tráthnóna cainte den teideal 'Language Lives' coicís ón lá amárach ag 5

Tá an tIontaobhas ULTACH ag eagrú tráthnóna cainte den teideal 'Language Lives' coicís ón lá amárach ag 5.30pm i Leabharlann Halla an Líneadaigh, Béal Feirste.

Labhróidh triúr ar a dtaithí féin ar an dátheangachas: Natasha Stokes ar Rúisis/Bhéarla; May Chan ar Chantóinis/Bhéarla agus Colm Mac Aindreasa ar Ghaeilge/Bhéarla.

Seolfaidh an tIontaobhas foilseachán dátheangach ina dhiaidh sin, Protastúnaigh an Lae Inniu agus an Ghaeilge (£2/€3). Gordon McCoy agus Róise Ní Bhaoill, beirt fheidhmeannach de chuid an Iontaobhais a d'ullmhaigh.

Tá saorchead isteach chun na hócáide ach iarrtar ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an leabharlann roimh ré. Eolas: 048-90872214 nó f.carsonwilliams@linenhall.com

  • Tá Protastúnaigh an Lae Inniu agus an Ghaeilge le hordú ó 048-90230749 nó gmccoy@cinni.org