Leanann Fianna Fail lena bpolasai hara-kiri teanga

Lean Fianna Fáil ar aghaidh lena bpolasaí hara-kiri teanga an tseachtain seo caite

Lean Fianna Fáil ar aghaidh lena bpolasaí hara-kiri teanga an tseachtain seo caite. Chuir Dick Spring, TD, ceist Dála ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, faoi stádas na Gaeilge san Eoraip agus cibé pleananna a bhí aige "to seek an enhancement of the status of the Irish language in the context of the enlargement of the European Union ..."

Thug an tAire le fios: "As has been the case with previous accessions of new member states, the enlargement of the Union is not expected to have any effect on the status of the Irish language, which will remain an official, but not a working, language. I have no plans to raise the issue in this context."

Ach ní hé sin an méid a scríobh Fianna Fáil ina bhforógra i 1997: "Tacaíonn Fianna Fáil go hiomlán leis an bhfeachtas chun go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil san Aontas Eorpach."

Agus i gClár an Rialtais, scríobhadh: "Tacaíonn an Rialtas nua leis an bhfeachtas chun an Ghaeilge bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach agus go mbeadh buanú na teanga ina chritéir le haghaidh pleanáil sna Gaeltachtaí."

READ MORE

Baineadh an dara cuspóir amach.

Is cosúil go bhfuil an chéad cheann le ligean le sruth. Ar ndóigh, tá tuairimíocht san Aontas go mbeidh athrú polasaí teanga ar ball ó tharla go gcuirfear le líon na mballstát. Is iad an Béarla, an Fhraincis agus, b'fhéidir, dhá mhórtheanga eile, atá á lua mar theangacha oibre aonair an Aontais. Sa chás sin, nach ionann cinneadh an Aire agus céim síos don teanga agus cúlú ó pholasaí a pháirtí féin?