Leachtai Cholm Cille

Is é "Curaclam na Gaeilge" téama Léachtaí Cholm Cille i mbliana

Is é "Curaclam na Gaeilge" téama Léachtaí Cholm Cille i mbliana. Beidh na cainteanna ar siúl i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara, Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Beidh clárú ann oíche Aoine ag 7.30 p.m. Labhróidh an tOllamh Dónall Ó Baoill ar "Curaclam, Réimeanna teanga agus Múineadh na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal" ag 8.15 p.m.

Tosóidh léachtaí an tSathairn ag 9.30 a.m. Labhróidh Stiúrthóir an Ionaid Teangacha i Má Nuad, Anna Ní Ghallachair, ar "An bhfuil an córas oideachais ag loiceadh ar phobal na Gaeilge?"

Ag 11 a.m. labhróidh Alan Titley ar "Ollscolaíocht na Gaeilge: Arán nó Fíon?"