Leachtai

Is í an Dr Pádraigín Riggs a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain san oíche amárach ag 8pm sa Halla Astra, Ionad na Mac Léinn, Belfield…

Is í an Dr Pádraigín Riggs a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain san oíche amárach ag 8pm sa Halla Astra, Ionad na Mac Léinn, Belfield, Baile Átha Cliath. "Idir Shúgradh agus Dáiríre: an Gearrscéal Iar-Chadhnach," teideal a cainte.

Léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, í Riggs agus spéis aici sa Nua-Litríocht agus sa ghearrscéal ach go háirithe.

Tabharfaidh an dreapadóir agus údar, Dermot Somers, caint léirithe le sleamhnáin - "Turais in Éirinn is thar lear" - oíche Mháirt ag 8.15pm in Áras na Craoibhe, Corrán Gratten, Baile Átha Cliath 8.

Lena chois sin, cuirfidh sé síos ar éalú Aoidh Rua Uí Dhomhnaill ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath thar sléibhte Chill Mhantáin. Eolas: 01-4535814