Leabhair na n-og

Arís i mbliana tá rogha iontach leabhar maisiúil do pháistí óga foilsithe ag an Ghúm, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide…

Arís i mbliana tá rogha iontach leabhar maisiúil do pháistí óga foilsithe ag an Ghúm, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Don pháiste atá díreach ag tosú ag léamh ba dheacair teacht ar leabhar níos oiriúnaí ná Bíonn Carlo ag léamh (€12.50) le Jessica Spanyol. Ní amháin go bhfuil scéal ann faoi Carlo a bhíonn i gcónaí ag léamh - ina sheomra leapa, sa chistin, sa seomra folctha fiú, ach tá greamáin ag gabháil leis an leabhar chomh maith agus faoin pháiste atá sé iad a ghreamú san áit cheart. Is féidir na greamáin a bhaint le húsáid arís.

Cuireann an chuid is mó de pháistí dúil i scéalta faoi pháistí dána agus cé nach páiste ródhána é Séamas sa scéal Glantachán Earraigh (€6.25) le hÁine Ní Ghlinn, ní mó ná sásta a bhí sé nuair a d'iarr a mhamaí air a sheomra a ghlanadh.

Bhí rudaí luachmhara faoin leapa nár mhaith leis a chaitheamh amach - frog marbh agus luch bheo mar shampla - agus bheartaigh sé iad a chur i bhfolach. Tá an leabhar seo dírithe ar pháistí atá tosaithe ar an léitheoireacht neamhspleách agus is léir go bhfuil tuiscint mhaith ag an údar ar aigne páistí.

READ MORE

Seoid eile do pháistí atá tosaithe ar an léitheoireacht neamhspleách is ea Bean na bPlátaí (€6.50) le Maolíosa Ní Chléirigh agus é maisithe go hálainn ag Mary Arrigan. Is mór an spórt a bhainfidh idir óg agus aosta as an scéal seo faoi Bhríd, a fuair bata agus bóthar ó gach post a bhí aici, mar bhíodh sí i gcónaí ag briseadh plátaí. Ach lá amháin fuair sí post, a d'oir di, ag briseadh plátaí lochtacha sa mhonarcha plátaí.

Scéal neamhghnách é Marcas Míol Mór (€8.0) le Heather Henning agus Gillian Chapman faoi mhíol mór óg atá ag iarraidh a fháil amach cad a d'imigh ar a sheanathair, a bhfuil clú agus cáil air i measc na míolta móra. Scéal é seo atá oiriúnach don léamh os ard agus is beag nach féidir boladh na farraige móire a fháil ó na léaráidí ann.

Is iontach mar a sheasann na seanscéalta teist an ama agus is beag páiste nach léifidh le fonn an leagan úr d'insint Mháiréad Ní Ghráda de Codladh Céad Bliain (€4.50) go mórmhór má tá an leagan staitse den scéal feicthe aige nó aici sa Theatre Space i mBaile Átha Cliath.

Tá cur síos simplí ar na hainmhithe atá le feiceáil ar shafaraí na Tansáine sa leagan Gaeilge a rinne Gabriel Rosenstock den leabhar Chuamar go léir ar Safáraí (€7.50) le Laurie Krebs. Tá ainmneacha na n-ainmhithe tugtha sa tSvaihílis agus is féidir comhaireamh sa tSvaihílis a fhoghlaim fosta.

Leabhar maith é seo chun caidreamh a chothú idir páistí de bhunadh na hÉireann agus páistí de bhunadh na hAfraice atá ina gcónaí anseo.