Le Katie an chraobh

 

Ó BHABHTA go babhta bhí an lucht leanúna ag na scáileáin mhóra ag méadú faoi dhó, agus mhéadaigh sé faoi dhó arís nuair a tháinig Katie abhaile.

Nuair a sheas sí ina steillbheatha ar an seastán ceoil victeoiriach ar an siúlán leathan fada ní raibh spás folamh idir í agus bun Cheann Bhré. Breis agus 20,000 duine a bhí roimpi.

Seachtain roimhe sin a bhí an chéad bhabhta Oilimpeach aici, babhta ceathrú ceannais in aghaidh Natasha Jonas na Breataine.

Bhí scáileáin mhóra taobh leis an seastán ceoil céanna, leanaí agus daoine muinteartha ar chathaoireacha gréine timpeall orthu agus na gnáth ghrianghrafadóirí ó na páipéir áitiúla i láthair.

Nuair a fógraíodh an toradh b’ait liom gur múchadh an tráchtaireacht ón stiúdeo, ach nuair a chuala mé focail an amhráin a bhí á chasadh ag grúpa ar an seastán ceoil, amhrán a bhí cumtha in onóir do Katie, tugadh siar na blianta mé chuig mo chéad chuairt ar Ros Muc.

Lár na 1980í agus géarchéim eacnamaíochta eile, an dornálaí Seán Ó Mainnín ag ardú croíthe ina cheantar dúchais, amhrán cumtha dó: “Thaispeáin sé dóibh na cleasanna go misniúil is go cóir/Tá’n stíl sin fanta fós aige ’s nach aoibhinn é le rá/Tá cáil bainte amach aige i mBoston Mheiriceá.”

Agus tinte lasta roimhe nuair a tháinig sé abhaile.

Rith sé liom freisin, agus níor den chéad uair é, go raibh im intinn-se ar aon nós, cosúlacht éigin idir leithinis fada Ros Muc agus Bóthar na Móna a théann siar díreach ó Cheann Bhré i ndeisceart an bhaile.

Bóthar tuaithe ab é go dtí 30 bliain ó shin nó mar sin, nuair a tógadh monarchain, scoileanna, séipéal agus eastáit thithíochta, a mbeidh tús áite anois ag an tSeanchúirt, áit dhúchais Katie.

Ar an tSráid Mhór a taispeánadh an babhta leathcheannais agus is sa bpáirc imeartha faoin mBeannach Bheag – “Little Sugarloaf” – trasna ón tSeanchúirt, a taispeánadh an babhta ceannais in aghaidh Sofya Ochigava na Rúise. Lá dár saol cinnte.

Thuigeamar faoin am seo dar ndóigh go raibh súile an domhain ar ár mbanlaoch Katie, ach fós féin bhraith muid ríméad faoi leith duine dínn féin a bheith i gcroílár na féile. Gach seans gur bhraith muid imní faoi leith freisin. Ach níor bhaol dúinn. Bhí raidió le mo chluais agam ag éisteacht le tráchtaireacht Sheán Bán Breathnach, ach mhúchas ansin é le ceiliúradh agus le beannú do sheanchairde agus muid uilig ag seanchas ar Katie nó ar pé ar bith duine den chlann is fearr a raibh aithne againn.

Ní go dtí ar ball mar sin, nuair a tháinig sé chugam ar ríomhphost, mar a tháinig chuig go leor eile is cosúil, a chuala mé mar a chuir sé Katie le hais scata banlaochra eile ó Gráinne Mhaol go Mary Robinson – gan ach mná Mhaigh Eo a lua.

Ní ar RnaG amháin a bhí an Ghaeilge, ach ag an iarsheaimpín domhanda Bernard Dunne a bhfuil aithne anois ar an “Bród Club” aige agus agallamh aige air le Katie. “Nílim líofa,” a deir sí, “ach táim ag feabhsú.”

Agus é ag tráchtaireacht ar RTÉ roimh an mbabhta ceannais, ar seisean: “Táim neirbhíseach, an-neirbhíseach.”

Agus níos fearr ná sin fós, agallamh le Katie féin ar TG4 tar éis gach babhta, rud nár chuir ionadh orm mar bhíos féin taréis an triailscrúdú béil Ardteistiméireachta a chur uirthi.

“Go raibh míle maith agat. Tá an-áthas orm leis an mbua. Tá an-ríméad orm.”/“Bhí sé an-chrua i gcónaí, ach tá an-áthas orm. Tá mé ag tnúth leis (an babhta ceannais). Buíochas le Dia. Go raibh maith agat.”/“Tá sé an-speisialta. Tá mé an-bhródúil. Go raibh míle maith agat.”

Níorbh é seo an chéad uair a raibh baint ag muintir Táilliúr le hócáid a d’ardaigh croí an bhaile. Bhí réamhbhlaiseadh againn thiar sna blianta 2000 agus 2001, nuair a bhain deartháir Katie agus beirt dá chomhscoláirí príomhdhuaiseanna an Eolaí Óig.

Bhíodar ar an Late Late Show, thugadar léacht phoiblí i dTeach Chill Rodaire agus bhí na tionscnaimh ar taispeáint i bhfuinneog an tsiopa leabhar.

Is beag duine, ach í fein b’fhéidir, a shamhlaigh go dtiocfadh an lá go mbeadh pictiúr Katie i bhfuinneog gach dara siopa ar an mbaile.

Maidir lena deartháir, léachtóir le matamaitic i gColáiste na Tríonóide a rinne dornálaíocht le foireann Cambridge nuair a bhí sé ag déanamh máistreachta ann ar phoill dhubha, le cúnamh ó thraenalaí an bhandornálaí is cáiliúla ar domhan, ní haon ionadh go raibh an bua acu ar Oxford.

Saoire sa mbaile a bhí againn i mbliana, ach a buíochas ar Katie, ní siúlóidí agus snámh amháin a bhí againn ach ocht lá gréine órga.