Le haistriú

BAILEOIDH BREIS agus fiche file ó Éirinn agus ón choigríoch le chéile anocht i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean…

BAILEOIDH BREIS agus fiche file ó Éirinn agus ón choigríoch le chéile anocht i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, ag 8.30pm tráth a sheolfaidh an Dochtúir Liam Mac Amhlaigh Catullus Gaelach (Coiscéim), cnuasach filíochta atá in eagar ag Pádraig B. Ó Laighin.

Aistriúcháin le 50 file comhaimseartha na Gaeilge – Colm Breathnach, Pádraig Ó Snodaigh, Collette Mac Aodha, Derry O’Sullivan – ar dhánta Catullus, file Laidineach, atá sa leabhar seo.

Cé gur i nGaeilge na hÉireann atá an t-ábhar agus an chuid is mó de na dánta, tá filíocht ann fosta i nGaeilge na hAlban, i nGaeilge Cheap Breatainn agus i nGaeilge Mhanann. Tugtar téacsanna comhthreormhara sa Laidin.

Dúirt Mac Amhlaigh gur mhaith mar a d’fhóir an teideal nó chuaigh “leaganacha i nGaeilge de dhánta Catullus i bhfeidhm ar an éirim agus ar an anam, agus bronnann filí na Gaeilge comhaimseartha foirmeacha nua ar an gcruthaitheacht ársa mhaorga seo.

READ MORE

“Tugann na dánta, idir ghearr agus fhada, an saibhreas sa litríocht le fios, litríocht a bhí ina heiseamláir ag filí agus scríbhneoirí ar feadh na gcéadta bliain ina dhiaidh sin”.