Laoch eile

CROBHINGNE: NÍ HÉ go bhfuil duine éigin eile díobh – de na laochra – ag teastáil uainn, mar ní chreideann aon duine scéal Choin…

CROBHINGNE:NÍ HÉ go bhfuil duine éigin eile díobh – de na laochra – ag teastáil uainn, mar ní chreideann aon duine scéal Choin Chulainn níos mó in ainneoin na fírinne atá ann.

Meatachán be ea ár Séamaisín a dó, agus ní heol dúinn gur chuaigh Cathal Chinn tSáile i ndeabhaidh lainne nó púdair le duine ar bith ar Dhumhach Thrá maidin aonaigh nó neamh-mhargaidh d’fhonn a chraicinn a chosaint. Fós féin tá laochra amuigh ansin. Ní hé go bhfuil laoch uainn go deireadh na líne siar amach, ach d’oirfeadh don saol duine nach mbeadh ina fhear ime i gcónaí.

Is é is fear ime duine atá slím, sleamhain, samhrata, samhaisceach, agus gur mhó é a ghlam ná a ghníomh. Bhí siad sin riamh againn, duine a raibh an guth mór is an droch-chur leis aige. Gheall Haughey na hoirc is na hairc, ach is róbhaol gur ith sé an chuid is mó díobh é féin. Gheall Garret ar gheall sé. Gheall Albert an halla is an baile. Gheall Bertie an bheart is a raibh ann.

Ina choinne sin bíonn líreacán leáite ag fear ime. Is é atá tiubh sa pholaitíocht. Duine ar síleadh mór de ach nár tháinig ann dá chrann riamh. Duine atá sa pholaitíocht ar a shon féin amháin. Ceapadh go ndéanfadh páirtí Dheasúin an Mhála gach ar gheall sé ach is gairid gur tuigeadh nach raibh iontu mar dhrong ach bolgáin bhéiceacha.

READ MORE

Bíonn na laochra ciúin amuigh ansin, agus déantar dearmad orthu. Níor chualathas pioc faoi Sophie Scholl gur déanadh scannán fúithi. Má bhí sí saonta sa tslí ar chuir sí i gcoinne phropaganda na Naitsíoch, ní raibh sí saonta mar gheall ar chearta daonna. Níorbh aon bhean ime í agus dhíol sí as lena beatha.

Cé go bhfuil sí i mbéal an phobail, bean den mhiotal céanna í Aung San Sú Cích. Má thug Hilary Clinton moladh di, ní hionann san is a rá gur moladh amú é.

Throid José Ramos-Horta ar son go mbeadh saoirse ag an Tíomóin Thoir, nó Timor Lorosa’e mar is cirte a thabhairt air. Ní dócha go raibh i gceist aige go marófaí na mílte duine ionas go mbeadh cathaoir bhog aige sna Náisiúin Aontaithe. Ná ní dócha gur léigh sé scríbhinní an Phiarsaigh ar an íobairt fola, scríbhinní atá ar eolas ag an domhan mór, gan amhras.

Cheap Crús Ó Briain gurbh é teagasc na sagart nÉireannach a thug ar Bhiafra scaradh le stát tacair na Nigéire sa bhliain 1967. Ba mhó ba dhócha gur mharú 30,000 duine i gcaitheamh deireadh seachtaine é. Duine de laochra dearmata an aighnis sin ba ea an Coirnéil Ojukwu a fuair bás an tseachtain cheana, laoch de na laochra sin a ligtear i ndíchuimhne go rófhurasta.

B’é cogadh scarúna Bhiafra leis an Nigéir (1967-70) an chéad chogadh a d’fhéach leis an socrú coilíneach san Afraic a dhíscaoileadh. B’é Chukwumeka Odemegwu Ojukwu an chéad cheannaire a thug le fios nárbh iad na línte a tharraing na cumhachtaí aduaidh ar an léarscáil an t-aon socrú polaitiúil a raibh aon dealramh leis.

Sa mhéid sin féin, tá sé 100 bliain, ar a laghad, chun tosaigh ar leamhsmaointeoirí polaitiúla ár linne. Tabharfaidh sé sásamh faoi leith don cholún seo a rá i gceann 100 bliain eile go fáistiniúil go raibh an ceart ag Ojukwu.

B’é cogadh shaoirse Bhiafra an cogadh b’fhuiltí a troideadh ar ilchríoch na hAfraice le 300 bliain anuas. Maraíodh a dhá oiread sin ar a laghad sa Chongó

Iarbheilgeach deas ó shin, is fíor, ach níorbh aon chogadh amháin é sin, ach scata. Bhí smaoineamh simplí amháin ag Ojukwu, smaoineamh a bhí ar an gceann ba réabhlóidí dár thuirling riamh ar mhachairí is ar fhoraoiseacha na hilchríche ó tháinig ann don smaoineamh polaitiúil a bhféadfaí slat a chur air; agus b’é sin, teorainneacha na hAfraice a imlíniú arís ar ais. Ní bheadh agus ní bheidh aon tsíocháin, ná aon rath ar an Afraic go dtí go ndéanfar an fearann uile go léir a athscríobh aníos ó bhonn. Tá chomh simplí is chomh casta leis sin.

Maidir le hIgbo na dúiche é, an dream ar díobh é, ba é Brian Bóroimhe, agus Aodh Ó Néill, agus Aodh Eangach, agus Dónall Ó Conaill, agus Parnell cloigeann ar chloigeann le chéile ina dhiaidh sin é. Scríobhadh amhráin agus dánta agus drámaí á mholadh. B’é an buachaill bán agus an buachaill báire é, an gaiscíoch nár ghal soip a ghníomh.

Bíodh gur dhein stát na Nigéire iarracht leathmhacánta uiscealach ar chréachta Chrích Igbo a chneasú, bhí amhras riamh ó shin ar dhuine ar bith de mhuintir na ceannairce. Tá sin intuigthe, mar maireann an dúil a chuir an smaoineamh, agus beidh sampla agus íomhá Ojukwu beo tar éis a bháis.

Fantar tamall fós agus feicfear!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar