La cuibhrinn

Seolfar an chéad eagrán de Field Day Review (€35/£25)sa Verbal Arts Centre, Doire, oíche Aoine ag 8pm agus sa Keough-Notre Dame…

Seolfar an chéad eagrán de Field Day Review (€35/£25)sa Verbal Arts Centre, Doire, oíche Aoine ag 8pm agus sa Keough-Notre Dame Centre, 58, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, seachtain ón Aoine ag 8pm.

Is iad Seamus Deane, scríbhneoir, agus Breandán Mac Suibhne, staraí, eagarthóirí an irisleabhair úir bhliantúil seo.

Trí chéad leathanach a bheidh sa chéad eagrán ildaite agus i measc na n-alt, tá aistí ar dhomhandú; chultúr na críchdheighilte; Edward Said agus Adorno; alt ar Jack B. Yeats agus agallamh nár foilsíodh riamh le Brendan Behan; paraimíleatachas poblachtánach agus léirmheasanna.

Beidh an t-irisleabhar sna siopaí ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh. Eolas: fieldday@nd.edu

  • Is é Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, Peadar Mac an Iomaire, a thabharfaidh Léacht Oireachtas na Bealtaine amárach ag 5pm in óstán Clanree, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall.