La burqa ag buaireamh na Fraince

 

BEOCHEIST:IS SCÉAL é atá ar bhéal gach duine sa Fhrainc le roinnt seachtaine anuas scéal an burqa. An ceart do rialtas Sarkozy dlí a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar mhná an chaille iomlán, an burqa nó an niqab, a chaitheamh sa láthair phoiblí?

Tá daoine ar nós Manuel Valls, teachta parlaiminte de chuid an Pháirtí Shóisialaigh, a chreideann gur gá a leithéid de dhlí a chur i bhfeidhm chun go dtugtar le fios gur prionsabal bunúsach é de chuid na Poblachta an comhionannas idir mná is fir.

Dúirt Fadela Amara, ball den rialtas agus bean de bhunadh na hAilgéire, go raibh sí “i bhfabhar cosc a bheith ar an burqa toisc go séanann sé a gcearta bunúsacha ar mhná agus ... gur siombail é den bhunúsachas reiligiúnach sa tír seo againne”.

Is dóigh le Elisabeth Badinter, fealsamh agus feimineach, gurb ionann caitheamh an burqa agus buille a bhualadh ar mhná atá faoi chois cheana. Is ionsaí ar an daonlathas é an burqa, a deir sí.

Síleann Tariq Ramadan, ollamh sa Léann Ioslamach Comhaimseartha in Oxford, go bhfuil an Fhrainc, áfach, ag fógairt os comhair an domhain gur dream trioblóideach iad na Moslamaigh atá ag cur fúthu sa tír agus nach dteastaíonn uathu i ndáiríre a bheith mar dhlúthchuid den náisiún.

Dlí conspóideach a bheadh ann ar dhá chúis, dar leis: ceapann sé go bhféadfadh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine dlí in aghaidh chaitheamh an burqa i mballstát de chuid an Aontais a chur ar ceal toisc go sáraíonn sé bunchearta an duine, is é sin an bealach ina ngléasann an duine é féin; lena chois sin, is deacair dó póilíní a shamhlú ag stopadh bean sa tsráid chun fíneáil a chur uirthi toisc go bhfuil an chaille iomlán á caitheamh aici.

Tá na ceannairí reiligiúin, Mohammed Moussaoui, uachtarán Chomhairle na Moslamach sa Fhrainc, agus an Cairdinéal André Vingtrois, ardeaspag Caitliceach Pháras, i gcoinne aon dlí a chuirfeadh cosc ar an burqa.

Tá sé ráite ag an gCairdinéal Vingtrois nach bhfeiceann sé cén t-údarás atá ag an stát a rá cén cineál éadaí atá cead ag daoine a chaitheamh agus go mb’fhearr don rialtas féachaint ar an mí-úsáid a bhaintear as an gcorp nocht baineann san fhógraíocht.

Mura bhfuil ann anois ach mionlach beag a chaitheann an chaille iomlán, idir 500 agus 2,000 bean dar le tráchtairí éagsúla, tugtar le fios go bhfuil beagnach 40 faoin gcéad díobh faoi bhun 30 bliain d’aois agus go bhfuil a líon ag dul i méid.

Agus is cosúil go bhfuil an méid burqa a dhíoltar gach seachtain sa Fhrainc méadaithe go mór ó tosaíodh ar an gceist a phlé go forleathan ar na meáin chumarsáide thart ar sé seachtaine ó shin.

Fiafraítear an ceart páiste a scaoileadh le bean tar éis lá scoile nuair nach féidir í a aithint toisc burqa a bheith uirthi? Nó céard a dhéantar i gcás mná a dteastaíonn uaithi iarratas ar liúntas leanaí a dhéanamh nuair atá sé dodhéanta a dhéanamh amach cé hí féin?

Freagra díreach a thug Xavier Bertrand, uachtarán an UMP – páirtí polaitíochta Sarkozy – ar na ceisteanna seo: diúltófar saoránacht do dhuine ar bith a chaitheann an burqa.

Agus an bhean ar Francach í cheana agus a chaitheann an burqa, ní bheidh sí i dteideal cuid dá cearta a éileamh ar an stát, iarratas a dhéanamh ar phas nó ceadúnas tiomána cuir i gcás.

Tá an tuairim ann sna meáin go dteastaíonn ó uachtarán na tíre aird an phobail a dhíriú ar cheisteanna eile seachas ar mhórcheisteanna polaitiúla an lae, leasú ar an gcóras pinsean, mar shampla, dílogánú cuid de dhéantúsaíocht Renault go dtí an Tuirc nó fadhb na dífhostaíochta i measc daoine óga.

Ina theannta sin, beidh toghcháin réigiúnacha ar siúl sa Fhrainc i mí Márta agus ba mhaith le Sarkozy vótaí uile na heite deise a bhailiú chuig a pháirtí féin, an UMP.

Tá cíor thuathail curtha ar bun aige i measc bhaill an Pháirtí Shóisialaigh. Tá cuid acu le ceangal mar tá sé i gceist ag an bpáirtí staonadh ón vótáil nuair a thagann ceist an burqa os comhair na parlaiminte.

Ach an ionann ceist an burqa sa Fhrainc agus an reifreann a bhí ann tamall ó shin faoin minaret san Eilvéis?

Tá sé curtha i leith iar-aire rialtais agus ball den UMP, Pascal Clément, go ndúirt sé: “Nuair a thiocfaidh an lá a mbeidh a oiread céanna minaret is atá ardeaglais sa Fhrainc, ní hí an Fhrainc a bheas ann níos mó.”

Go leor deataigh ar mhaithe le fíorbheagán teasa, mar a dúirt an fear eile.