Léifidh mé gach rud - ach Jane Austin

CROBHIGNE: Ceann d’iliomad pléisiúr an trátha seo is ea féachaint siar ar leabhair na bliana.

CROBHIGNE:Ceann d'iliomad pléisiúr an trátha seo is ea féachaint siar ar leabhair na bliana.

Ní hiad na leabhair féin atá i gceist agam, ach léamh mar gheall orthu.

Is beag duine a bhfuil an chaoi aige ach sceo beag caol de na leabhair sin a léamh ar aon nós, ach is maith go bhfeiceann tú an t-aineolas ar a bhfuil tú ag snámh.

Cé gurb aoibhinn liom leabhair agus gach a mbaineann leo leathann tonn mhór éadóchais anuas orm agus mé istigh i leabharlainn nó siopa leabhar óir nochtar dom go lánghéar na nithe sin ar fad nach bhfuil ar eolas agam.

READ MORE

Ní hé nach bhfuil siad ar eolas agam anois, ach ní bheidh go brách.

Agus a bhfuil blasta agam de leabhair cheana tá a bhformhór imithe as fios i sloc mór na díchuimhne.

Suim bhlianta ó shin chromas ar liosta a choimeád den ábhar a léigh mé.

Tháinig mé ar an liosta sin i leabhar nótaí ar chúinne an urláir le déanaí.

Fág go raibh cuimhne áirithe agam ar chuid acu, bhí a leathdhíol eile nárbh eol dom iad a bheith ann riamh; agus an méid go raibh cuimhne agam orthu ba bheag sonra ná eachtra ná fíoras ná samhail a bhféadfainn iad a mhúscailt ar ais.

Cad chuige iad, mar sin?

Tá, gan amhras, an taitneamh láithreach a bhaineann tú astu agus tú ina mbun.

Tá a leithéid de rud agus pléisiúr aeistéitiúil ann, pléisiúr a bhaineann le focail, le stíl, le nath, le casadh friotail, le cóiriú smaointe, le bheith sáite in eachtra nach é gluaiseacht do shaoil féin é.

Tá, leis, an t-eispéireas sin gur ghluais tú trí fhearann breac nár leat agus a leathnaíonn do mheabhair.

Agus fanann deascadh agus sifíní dod ainneoin: fiacla Hitler i mbrollach an Ghinearáil Rúisigh mná le linn chóisir na bua nuair a fuarthas a chorp in Berlin Anthony Beevor; an fear as Inbhir Nis a raibh cónaí air ag foinse na habhann in The Blue Nile le hAlan Moorehead; an staighre dorcha chun an árasáin in St Petersburg agus Raskalnikov ag triall ar a sheanbhean ann chun í a mharú; craiceann oráiste Phádraic Uí Chonaire in Neill ach le teann gáire...

Tá de locht ar ‘leabhair na bliana’ ná gur rogha chairde a bhíonn iontu go minic, údar amháin ag tarraingt uisce chun muilinn a charad agus timpeall ar ais in am is i dtráth.

Tá de locht eile orthu, go díreach gur leabhair na bliana iad.

Is é sin go bhfuil siad úr, friseáilte, nuashaolaithe agus gan fad síneadh ama idir iad agus breithiúnas níos meáite.

Bhí aithne agam ar dhuine amháin nach léifeadh leabhar ar bith go dtí go raibh ina chlasaic.

Is í an deacracht a bhaineann leis sin ná go bhfuil stádas na clasaice chomh mór ag crochadh ar fhaisean agus atá rogha ar bith eile; faisean na clasaice sa chás seo.

Aithne agam ar dhuine eile nach léifeadh leabhar ar bith níos óige ná 10 mbliana d’aois. Seachaint gaotha na linne an leithscéal a bhí aige.

Thuigfeá dó, mar cé anois a dhéanann trácht ar, abair, A Long Way Home: Memoirs of a Boy Soldier le hIshmael Beah a raibh iomrá mór air cúig bliana ó shin, nó The Last Juror le John Grisham cúpla bliain roimhe sin?

Ní foláir do chuid éigin díot gluaiseacht bord ar aon le sruth na huaire ach gan a bheith báite ann.

Ní fiú do dhuine taobhú leis an mustar aoise ach an oiread is a bheith ina chime ag an earra a thiteann isteach tur te ina ghabhal.

Ar deireadh is fút féin an rogha.

Mura bhfuil a fhios agat faoin am seo cén meon atá agat ní fiú a bheith leat; agus má tá féin, b’fhiú earnálacha eile a thriail d’fhonn doimhne d’aineolais a fhairsingú.

Tá liostaí fós agam ó anuraidh, agus ón mbliain roimhe sin, agus uaireanta is iad na leabhair is ansa liom ná na cinn a bhí ina seasamh ansin go huaigneach ar sheilf ag sméideadh orm as súile ‘gabh-i-leith’.

Is beag ceann díobh a théann i bhásta ach caithfidh siad fanacht leis an uain cheart agus leis an aimsir chuí.

Mar, chun casadh a bhaint as nath de chuid Mae West, ní hiad na leabhair atá id bheatha is mó a mheánn, ach an bheatha atá id chuid leabhar.

Agus go rómhinic is iad na púcaí sin is mó a ghnáthaíonn mé, na teidil sin a bhrúnn teanntás orm, a éilíonn aire.

Uair éigin an bhliain seo chugainn tabharfaidh mé aghaidh ar An Irishmans Difficulties with the Dutch Language le Cuey-na-Gael, ach seachnóidh mé Clup Clap an Chapaill leis an Dr Ó hEichtiarna, Im, Bob agus Babaró, úrscéal rómánsúil, agus Rugbaí gan Liathróidí Ubhchruthacha le foireann Chiarraí.

Agus gach rud le Jane Austen – arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar