Kino Chorcai abu go deo

Beocheist: Don té ar luachmhar leis an saol cultúrtha, saol na n-ealaíon, is breá an áit í cathair Chorcaí

Beocheist: Don té ar luachmhar leis an saol cultúrtha, saol na n-ealaíon, is breá an áit í cathair Chorcaí. Tá idir iarsmalanna is dhánlanna againn, idir amharclanna is hallaí ceoil. Tá teach opera againn, fiú amháin, rud nach bhfuil ag Baile Átha Cliath féin.

Ach is í an fhoirm ealaíona is ansa le mo chroí féin ná ealaín an chineama agus tá an t-ádh liom mar go bhfuil an phictiúrlann is fearr in Éirinn le fáil i gCorcaigh. An Kino is ainm don phictiúrlann seo atá suite ar Shráid Washington, ceann de phríomhshráideanna na cathrach.

Foirgneamh breá beag gleoite é an Kino nach bhfuil ach aon scáileán amháin istigh ann agus 188 suíochán.

Nuair a deirim gurb é an Kino an phictiúrlann is fearr in Éirinn tá údarás le mo chuid cainte: táim ag obair ann ar bhonn ócáideach le breis is cúig bliana anuas.

READ MORE

Ach b'fheasach dom gurbh í seo an phictiúrlann ab fhearr in Éirinn i bhfad sular fostaíodh mé san áit.

Osclaíodh an Kino ag deireadh mhí na Samhna 1996 agus mé san idirbhliain ar an meánscoil. Bhí dúil thar na bearta agam i scannáin agus an-chuid ama shaoir, mar a bhíonn ag daltaí na hidirbhliana. Níorbh fhada, mar sin, go raibh mé ag triall go rialta ar an Kino.

Ba léir ón tús go raibh an phictiúrlann seo éagsúil leis na cinn eile a raibh taithí agam orthu. Taispeánadh scannáin iasachta ar a raibh fotheidil, scannáin spéisiúla nach raibh aon aisteoirí cáiliúla iontu, scannáin inarbh olc an chríoch a bhí ar na príomhphearsana.

Ach seachas na scannáin a bhí ar siúl bhí an Kino éagsúil ar shlite eile. Bhí na daoine a bhí ag obair ann sibhialta, ní raibh aon ghrán rósta le ceannach agus bhí idir chaifé is thae ar díol. Is beag áit i gCorcaigh is féidir cupán caifé níos fearr a ól.

Rinne duine nó beirt de mo chomhghleacaithe ar an meánscoil magadh fúm nuair a fuarthas amach go raibh mé ag taithí pictiúrlainne ina raibh scannáin le fotheidil á dtaispeáint.

Ach ba chuma liom. Bhí mé tar éis teacht ar rud ar bhain mé an-taitneamh as agus ní raibh mé chun droim láimhe a thabhairt leis ar ór ná ar airgead.

Lá amháin agus mé fós i mo dhalta meánscoile d'éirigh liom nóta a fháil ó mo mháthair le go ligfí amach ón scoil mé 40 nóiméad roimh dheireadh na ranganna.

Coinne leis an dochtúir nó a leithéid de leithscéal a bhí breactha síos ag mo mháthair. Ach ba é ba chúis leis an nóta dáiríre ná gur theastaigh uaim féachaint ar Eraserhead, scannán de chuid an Mheiriceánaigh David Lynch, a bhí á thaispeáint aon uair amháin mar chuid d'fhéile scannán an Loingsigh sa Kino.

Ba gheall le bronntanas ó Dhia féin é nuair a fuair mé post páirtaimseartha sa Kino agus mé i mo mhac léinn.

Ní amháin go raibh mé in ann freastal ar na scannáin saor in aisce agus an caifé breá a shlogadh siar gan íoc as, bhí mé ag fáil pá, leis.

Ar na dualgais a bhíonn le déanamh ag fostaithe an Kino caitear an halla féachana a choimeád glan: feictear dom anois gur maith an rud é nach mbíonn aon ghrán rósta le ceannach.

Más éagsúil an phictiúrlann é an Kino, is go héagsúil a bhíonn iompar na gcustaiméirí chomh maith. Is léir go mbíonn siad ar a shuaimhneas, murab ionann is mar a bhíonn siad sna gnáthphictiúrlanna móra ina mbíonn grán rósta agus 12 scáileán.

Is minic, mar shampla, go n-iarrann custaiméirí ar an té atá ag obair aire a thabhairt dá rothair atá tugtha isteach go dtí an forhalla acu!

Is cuimhin liom lá amháin agus bean mheánaosta ag teacht isteach an doras agus fuadar fúithi. Bhí greim daingean ag an dá láimh aici ar an dúrud málaí plaisteacha.

"Ticéad amháin, le do thoil," ar sise agus í ag teacht laistiar den chuntar chugam. "An féidir liom mo chuid siopadóireachta a fhágáil anseo agus mé istigh sa halla féachana?"

Bhí na málaí curtha go míchúramach ar an urlár aici sula raibh an cheist críochnaithe aici.

Ní bhíonn dochma ar chustaiméirí an Kino a dtuairimí de na scannáin a chur in iúl dúinne, na fostaithe, ach oiread.

Is dócha gurb é soilbhreas na bhfostaithe a spreagann caint agus oscailteacht na gcutaiméirí.

Tá taithí mhaith againn ar gach rud dá fheabhas bheith againn cois Laoi ach ba chóir go mbeadh muintir Chorcaí buíoch de go bhfuil an phictiúrlann is fearr in Éirinn againn.

An Kino abú!