Is maith Sin

Tá feabhas mór tagtha ar ábhar an chlár cúrsaí reatha, Sin É (TG4, Dé Máirt) i mbliana

Tá feabhas mór tagtha ar ábhar an chlár cúrsaí reatha, Sin É (TG4, Dé Máirt) i mbliana. Níor éirigh i gcónaí leis an mheascra de throm agus d'éadrom a bhíodh ar shraitheanna eile roimhe seo.

An séasúr seo, ámh, is mó béim ar nuacht agus fad mar is ceart á thabhairt do gach tuairisc.

Tá athrú láithreora ann - Cathal Mac Coille - ach tá Gary Mac Donnchadha ann i dtólamh agus tuairisciú breá ar siúl aige. Tá Mac Coille stuama géar i mbun imeachtaí. Cuireann sé an cheist; tugann deis don chainteoir labhairt ach, an chuid is tábhachtaí, ní ligeann sé don aoi dul chun leadránaí nó i mbaois.

Is mó tathag a bhaineann leis na míreanna éagsúla anois ná mar a bhí. Mar shampla, bhí Eoghan Harris agus Harry McGee, iriseoirí, sa stiúideo le Mac Coille agus iad ag caint ar chúrsaí polaitíochta sa Stát, deacrachtaí Bhertie san áireamh.

READ MORE

Rinne Mac Donnchadha tuairisc ar dhaoine óga ag ól barraíocht agus na fadhbanna a chothaigh siad don phobal agus dóibh féin. Agus chonacthas Harris, Mac Coille agus uachtarán Shinn Féin Phoblachtánaigh, Ruairí Ó Brádaigh, ag caint ar leabhar nua Ed Moloney, A Secret History of the IRA, agus na himpleachtaí a bhí ann do Gerry Adams.

Bhí gach mír tráthúil agus bhí fiúntas sa tráchtaireacht. Leoga, thug an Sunday Tribune aitheantas dá raibh le rá ag Ó Brádaigh.

Sin an tslat tomhais is fearr do chlár reatha dá bhfuil ann - aitheantas ó iriseoirí eile.