Is gá dúinn an drámaíocht a chothú

Tuarascáil: Is iomaí duine a chaitheann saoire sna Dúnaibh i Ros Goill, Co Dhún na nGall, gan focal Gaeilge a chluinstin ann…

Tuarascáil:Is iomaí duine a chaitheann saoire sna Dúnaibh i Ros Goill, Co Dhún na nGall, gan focal Gaeilge a chluinstin ann bíodh go bhfuil sé le tuiscint ó fhógraí agus ó chomharthaí bóthair ar fud an bhaile gur i gceantar Gaeltachta atá siad.

Níorbh amhlaidh an scéal ag an deireadh seachtaine saoire ag tús na Bealtaine nuair a bhí an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl ann agus compántais i láthair ann ó Chorcaigh, Bhaile Bhúirne, Chorca Dhuibhne, Bhaile Átha Cliath agus ó na Dúnaibh féin agus canúintí difriúla Gaeilge le cluinstin sna hóstáin agus sna tithe tábhairne ar fud an bhaile agus aos óg an cheantair ag glacadh páirte sna comórtais agallamh beirte agus lúibíní a bhí ar siúl Dé Sathairn.

An compántas ó na Dúnaibh, Aisteoirí Mhíobhaigh, a chuir tús leis an fhéile le dráma nuachumtha, Peacadh Cholm Cille, a scríobh Proinsias Ó Cuilinn a raibh páirt an mhanaigh Finghín aige sa dráma.

An t-achrann a d'éirigh idir Colm Cille agus Finghín mar gheall ar an chóip a rinne Colm Cille de leabhar luachmhar a thug Finghín ar ais go hÉirinn ón Róimh b'ábhar don dráma agus is maith mar a léirigh sé mar is féidir le hachrann faoi rud ar bheagán tábhachta críochnú ina chogadh dearg.

READ MORE

Dráma é seo a bhí thar a bheith fóirsteanach d'Aisteoirí Mhíobhaigh mar is i nGartan, níos lú ná 30 cileaméadar ó na Dúnaibh, a rugadh Colm Cille agus go leor scéalta ann faoi eachtraí a tharla dó sa cheantar.

Bhí Aodh Mac Laifeartaigh, a bhfuil mórchuid déanta aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar na nDúnaibh, ar fheabhas ar fad i bpáirt Cholm Cille.

Ba é an dráma seo an t-aon dráma nuascríofa san fhéile agus fuair an t-údar duais €750 de bharr a shaothair ach ní bhfuair an léiriú ná aon duine de na haisteoirí duais ar bith cé gur tugadh ardmholadh dóibh.

Ba dheacair sárú ar an chompántas, Aisteoirí Bhréanainn ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, a rug leo an duais don léiriú is fearr san fhéile leis an leagan Gaeilge a rinne siad den dráma Rúiseach le Nikolai Gogol, An Cigire Stáit.

Foireann an-mhór a bhí sa dráma seo agus aisteoireacht gach duine acu ar ardchaighdeán, bíodh páirt mhór nó bheag aige nó aici.

Tháinig na hainmneacha Rúiseacha chomh héasca sin óna mbéal gurbh fhurasta a shamhailt gurbh í Gaeilge Chiarraí a bhí á labhairt sa Rúis aimsir na Sár. Breabanna a thabhairt d'fheidhmeannaigh stáit is ábhar don dráma agus tá an téama chomh tráthúil inniu agus a bhí ag an am sin.

Leagan Gaeilge den dráma Béarla The Black Pig's Dike le Vincent Woods a chuir Aisteoirí Bulfin ar an stáitse. Dráma tragóideach é seo faoi sheicteachas agus díoltas a bhfuil páirt mhór ag buíon cleamhairí ann agus ghnóthaigh beirt de na cleamhairí sin, Tadhg Ó Conchubhair agus Sinéad Ní Uallacháin, an trófaí do na haisteoirí is fearr.

Trí dhráma eile a bhí sa chomórtas, An Triail le Máiréad Ní Ghráda a léirigh Aisteoirí Ghobnatan, Bhaile Mhúirne, agus leagan Gaeilge de dhá dhráma Bhéarla, Ar an dTaobh Amuigh le Tom Murphy agus Noel O'Donoghue a léirigh Cumann Drámaíochta Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Seacht gCéim le Lorraine Forest Taylor a léirigh Compántas Chorcaí.

Tríd is tríd, bhí caighdeán na haisteoireachta san fhéile an-ard, ag cur san áireamh a dheacra agus atá sé i mbailte tuaithe foireann a chur le chéile, agus a bhuí le scéimeanna éagsúla de chuid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta tá feabhas mór ar chaighdeán na léiriúchán le deich mbliana anuas.

Obair foirne a bhíonn taobh thiar de gach léiriú a chuirtear ar an stáitse agus murab ionann agus foireann peile nó foireann camógaíochta a chur amach ar an pháirc tá an obair a bhaineann le dráma a chur ar an stáitse 'teanga-lárnach'.

Ba cheart do na forais sin atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn gach is féidir a dhéanamh chun tacú leis na grúpaí éagsúla atá ag obair i ngort na drámaíochta agus scéimeanna a bheartú chun pobal drámaíochta a chothú.

Bhí an halla lán sna Dúnaibh an oíche a chuir Aisteoirí Mhíobhaigh a ndráma ar an stáitse ach is beag duine de mhuintir na háite a tháinig amach chun na drámaí eile a fheiceáil.

Gloffa na nGael

Beidh oíche Ghaelach-Ghearmánach ar siúl in Ionad Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath, Dé hAoine ag 8pm. Cuirfidh compántas drámaíochta ó Muhlheim sa Ghearmáin an dráma Domm Gloffa ar an stáitse.

Beidh deis ag daoine nach raibh ag an Oireachtas i nDoire an t-agallamh beirte thar a bheith greannmhar a bhuaigh an chéad duais ann, a fheiceáil.

Aodh Ó Domhnaill a scríobh agus is é féin agus Mícheál Ó Gruagáin ó Aisteoirí Bulfin a bheidh páirteach ann, agus chun cur leis an taobh Ghaelach den oíche beidh Niamh de Búrca, Máire Breatnach, Mick Ó Brien, Mark Kelly agus Sinéad Nic Stiofáin agus Cabaret i mbun ceoil. Tá dhá chuairt tugtha ag Aisteoirí Bulfin ar Muhlheim sa Ghearmáin in 2005 agus 2006. Is leis an ceoldráma Mac a' Stanley, leagan Gaeilge de cheoldráma Brecht a chuaigh siad ann anuraidh.

Gaillimh Ghaelach

Seolfaidh an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe i Halla na Cathrach, Gaillimh, Dé hAoine, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Gaillimh le Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde agus léiríonn an saothar go bhfuil pobal na cathrach i bhfábhar leis an smaoineamh go dtabharfaí stádas dátheangach do chathair na Gaillimhe.

Dúirt urlabhraí thar ceann Ghaillimh le Gaeilge gur léirigh an taighde "meon dearfach" i leith na Gaeilge agus go raibh tacaíocht don dátheangachas le fáil i measc daoine a raibh Gaeilge acu, daoine a bhí ar bheagán Gaeilge agus daoine a bhí i ndiaidh cur fúthu sa Stát. Creideann Gaillimh le Gaeilge gur "céim thábhachtach í seo i dtreo stádas speisialta dátheangach a bhaint amach don chathair".

Beidh amhránaithe sean-nóis as Éirinn agus an Bhriotáin ag rá amhrán i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, san oíche amárach ag 9.15pm. Ar na hamhránaithe, beidh Brian Ó Dónaill, Antaine Ó Faracháin agus Yann-Fanch Kemener.

dátheangach  bilingual- deis opportunity- léiriúchán production
taighde research- taiscéalaíoch exploratory- stáitse stage