'In am gniomhu'

Tá an tAire Éamon Ó Cuív le "coiste feidhmiúcháin" a bhunú le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur i gcrích

Tá an tAire Éamon Ó Cuív le "coiste feidhmiúcháin" a bhunú le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur i gcrích. Ag caint leis an cholún seo, dúirt sé go raibh "lá na cainte thart".

Ba é cuspóir an choiste an tuarascáil a chur i gcrích; ní scríobhfadh siad tuarascáil eile. Ba ghá coiste feidhmiúcháin a bhunú de bharr go raibh moltaí na tuarascála ginearálta. Leag sí síos móraidhmeanna agus mórspriocanna ach ba ghá feoil a chur orthu. "Tá sé in am gníomhú," a dúirt sé.

Ba é a rún "na himreoirí", is é sin, ionadaithe na n-eagras Gaeltachta, "a thabhairt le chéile thart ar an mbord" ionas go n-aimseofaí na bealaí b'éifeachtaí leis an tuarascáil a fheidhmiú.

Chuirfeadh an coiste comhairle air maidir le moltaí, roinnt na hoibre a shocrú, freagrachtaí na n-eagras a chinntiú agus spriocanna a leagan síos. Rachadh siad i gcomhairle saineolaithe fosta. "Próiseas leanúnach" a bheadh i gceist a dúirt an tAire agus d'oibreodh an coiste "taobh istigh de spiorad na tuarascála".

READ MORE

Beidh cruinniú den choiste amárach ar na Forbacha, Co na Gaillimhe. Ar na heagrais a bheidh páirteach ann, tuigtear, beidh TG4, RnaG, Údarás na Gaeltachta, Comhairle na nOileán agus Foras na Gaeilge.