Imram linn

Tá féile litríochta na Gaeilge, IMRAM, faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Tá féile litríochta na Gaeilge, IMRAM, faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Beidh Lorcán Ó Treasaigh agus Éilís Ní Dhuibhne ag léamh inniu in Anthology Books, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, ag 1pm. Scríobh Ó Treasaigh leabhar ar dóigh Céard é English? agus tá aithne ag lucht na Gaeilge ar shaothar Ní Dhuibhne le fada. Bhain a leabhar is déanaí, hurlamaboc, gradam Oireachtais an tseachtain seo caite féin.

Beidh triúr filí - Colm Breathnach, Liam Ó Muirthile agus Colette Nic Aodha - ag léamh anocht ag 8pm sa Sugar Club, Sráid Líosan Íochtarach, agus beidh an Máimín Cajun Band á dtionlacan.

Labhróidh an tOllamh Bob Welch, Liam Mac Cóil, Anna Heussaff agus Tomás Mac Síomóin ar "An Deich Leabhar Ghaeilge Is Fearr: An Raibh An Ceart ag Foinse?" Beidh an díospóireacht sin ar siúl amárach in Anthology Books ag 1pm.

READ MORE

Seolfar leabhar trítheangach - Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis - le Gabriel Rosenstock agus Hans-Christian Oeser sa Goethe Institut, Cearnóg Mhuirfean, amárach ag 6pm. Crann Almóinní Milis agus Searbh, rogha dánta leis an fhile Gearmánach, Hilde Domin, nach maireann.

Beidh dhá ócáid ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, san oíche amárach. Beidh an tOllamh Bob Welch ag tabhairt léachta ag 7pm "Samuel Beckett and Máirtín Ó Cadhain: The Vehemence of the Dead" agus beidh Aisteoirí Bulfin ag déanamh léiriú speisialta ar An Eochair, gearrscéal de chuid an Chadhnaigh atá cóirithe don stáitse, ag 8.30pm.

Beidh an Tionscadal Snagcheoil Gaelach i mbun filíochta agus ceoil oíche Aoine ag 9pm sa Boom Boom Room, Conway's Bar, Sráid Parnell. Gearóid Mac Lochlainn, Louis de Paor agus Dairena Ní Chinnéide a bheas ag léamh agus rogha de cheoltóirí éagsúla a bheas ag coinneáil snagcheoil leo.

Beidh The Gaelic Hit Factory - aka Louis de Paor agus John Spillane - ar aris sa Boom Boom Room oíche Shathairn ag 9pm agus beidh Pádraigín Ní Uallacháin, Laoise Kelly agus Christine Primrose ag roghnú amhráin agus ceoil as An Leabhar Mór, tionscadal ealaíon de chuid Ghaeltacht na hÉireann agus na hAlban.

Le cois na n-imeachtaí atá luaite, tá léamhanna eile filíochta ar siúl idir seo agus críoch na féile, Dé Domhnaigh.

Eolas: liamog62@eircom.net nó 087-2912797