Imram Átha Cliath

Beidh Imram, féile litríochta na Gaeilge, ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an Chéadaoin 29ú Meán Fómhair agus an Domhnach 3ú…

Beidh Imram, féile litríochta na Gaeilge, ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an Chéadaoin 29ú Meán Fómhair agus an Domhnach 3ú Deireadh Fómhair i mbliana.

Iarracht atá in Imram litríocht na Gaeilge a chur faoi bhráid phobal na cathrach ar bhealach úr samhlaíoch. Chuige sin, beidh meascán de léamhanna filíochta, cheardlanna, cheol agus dhíospóireachtaí a thabharfaidh deis do dhaoine blaiseadh de litríocht chomhaimseartha na teanga.

Beidh léamh trítheangach filíochta - Sínis, Gaeilge agus Béarla - le Zhang Ye, Gabriel Rosenstock agus Paddy Bushe agus léifidh Celia de Fréine as a cnuasach nua, Fiacha Fola.

Cuirfidh Gearóid Mac Lochlainn, file agus ceoltóir, dánta as a chunasach nua, Rakish Paddy Blues, i láthair an phobail le cuidiú an phíobaire, Jarlath Henderson. Rachaidh an Gaelic Hit Factory (John Spillane agus Louis de Paor) agus Rónán Ó Snodaigh i mbun ceoil agus filíochta fosta.

READ MORE

Tá a áit féin ag an phrós ar an chlár. Beidh mórléamh le hÁine Ní Fhoghlú, Micheál Ó Conghaile agus Alan Titley; ceardlanna ficsin agus filíochta le Clare Dagger agus Colette Nic Aodha agus beidh díospóireacht i mBéarla - "Should Irish be made illegal?" - le Theo Dorgan agus Liam Mac Cóil.

Is i lár na cathach a bheidh na himeachtaí agus tá cead isteach saor in aisce ar fáil i gcuid acu agus tá táille ar chuid eile acu.

Eolas: 01-4789974 liamog62@eircom.net