Impire gan aon eadai

Beocheist: Má chuireann duine dallamullóg ort uair amháin, airsean a ba chóir an náire a chur

Beocheist: Má chuireann duine dallamullóg ort uair amháin, airsean a ba chóir an náire a chur. Má chuireann sé dallamullóg ort an dara huair, is ortsa atá an náire.

Sean-nath é sin a rithfeadh le duine a bhreathnaigh ar an teacht le chéile mór i gCathair Naomh Peadar na Rúise agus in Evian na Fraince ag an deireadh seachtaine. Tháinig Impire nua an Iarthair, George Bush, chun moladh a thabhairt do na tíortha a thacaigh lena chogadh san Iaráic agus chun leanúint leis an iarracht chun tíortha eile na hEorpa a mhealladh ar ais ina "fheachtas domhanda in aghaidh na sceimlitheoireachta".

Ar an drochuair dó, má bhí go leor cúiseanna ag na tíortha sin lena aithint nach raibh aon éadaí ar an impire céanna, thug tuairiscí nua ag an deireadh seachtaine ábhar breise amhrais dóibh.

Tá a fhios againn anois gur tosaíodh ar an bpleanáil le haghaidh ionradh ar an Iaráic go gairid tar éis an ionsaí ar na Túir Thrádála i Nua-Eabhrach. Mar chuid den bpleanáil sin, cuireadh feachtas bolscaireachta ar siúl chun: ceangal a dhéanamh idir rialtas Saddam Hussein agus eagrais sceimhlitheoireachta ar nós Al Quaeda; a chur ina luí ar dhaoine gur ghearr go mbeadh buama núicléach ag Saddam agus go raibh armlón léirscriosta agus na diúracáin aige chun gás agus galair mharfacha a scaipeadh i bhfad óna thír féin.

READ MORE

Ghléas Bush é féin sna cúiseanna seo agus ansin thosaigh an ceol agus an cabaret. Ba í an chéad líomhain sin faoi Al Quaeda a thit go hurlár ar dtús. Thuig daoine go tapa nach mbeadh baint ag Osama Bin Laden le Saddam go deo.

Bhain an Dr Hans Blix agus a mheitheal cigirí an dara balla éadaigh de nuair a theip orthu aon fhianaise a fháil go raibh clár mór oibre ann chun buama núicléach a chur ar fáil don Iaráic.

Ní raibh fágtha ach an duilleog fhige - an eagla go raibh armlón léirscriosta réidh le scaoileadh ag Saddam.

Rinneadh a mhór de sin ach más fíor na scéalta a foilsíodh ag an deireadh seachtaine i nuachtáin na Breataine, tá sé sin tite freisin agus níl le feiceáil ach radharc gránna uaillmhian Mheiriceá.

Is fiú cuimhneamh air gur thug Bush agus Blair go háirithe le fios go raibh airm léirscriosta ag Saddam a bheadh réidh le scaoileadh taobh istigh de 45 nóiméad. Is í seo an chúis a tugadh don bpráinn leis an gcogadh a thosú agus deireadh a chur le cuardach fhoireann Bhlix.

Dúradh linn go raibh faisnéis ann nach bhféadfaí á foilsiú ar chúiseanna slándála. Faoi bhrú, scaoil Blair comhad de chuid an Chomhchoiste Faisnéise leis an bpobal - de bharr "a current and serious threat to the UK national interest".

Dhealródh sé anois go raibh na seirbhísí faisnéise le ceangal mar gheall ar an mbealach inar chuir oifig bholscaireachta Bhlairocchio casadh ar na tuairiscí a bhí sa gcomhad chun bagairt na hIaráice a mhéadú.

Anois, faoi bhrú arís ag na scéalta a sceitheadh ag an deireadh seachtaine, tá an seanphort á sheinm arís ag an bpríomhaire Briotanach - go bhfuil faisnéis phríobháideach aigesean agus go bhfuil seisean cinnte go bhfaighfear airm léirscriosta.

Ach más faoi bhrú atá Blair, níl aon deacracht ag Donald Rumsfeld a d'admhaigh go raibh seans ann nach bhfaighfí na hairm léirscriosta go deo mar seans gur scrios Saddam iad roimh an gcogadh. Nárbh í sin an aidhm a bhí ag cigireacht Blix? Agus dúirt a Leas-Rúnaí, Paul Wolfowitz, nach raibh in aidhm na dí-armála ach "a bureaucratic reason" don gcogadh.

Le dhá mhí, níl aon lorg faighte den tonna go leith gáis VX ná den 26,000 lítear antrasc a maíodh bheith ag Saddam sa gcomhad clúiteach faisnéise sin. Níl tásc ná tuairisc ar na diúracáin fhadraoin.

B'fhéidir go bhfuil an ceart ag Blair agus go bhfaighfear stocanna áirithe ceimicí contúirteacha go fóill...ach is cinnte nach raibh aon airm réidh le scaoileadh taobh istigh de 45 nóiméad agus nach raibh aon "bhagairt phráinneach láithreach" ann.

Ba chóir go mbeadh muintir na Breataine buartha gur insíodh bréaga dóibh faoi rud chomh mór le cogadh a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh muintir Mheiriceá agus na Breataine buartha gur bhris a rialtais dlí idirnáisiúnta agus gur mharaigh siad na mílte daoine i gcogadh a tosaíodh ar chúiseanna cumtha. Ach thar aon rud, ba chóir go mbeadh muintir an domhain buartha go bhfuil na Náisiúin Aontaithe fágtha mar fhothrach eile den gcogadh seo ag uaillmhian impire gan éadaí.