Imphleascadh teanga no deis tarrthala sa Ghaeltacht?

An léiríonn figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don bhliain 2000/2001 gur imphléascadh teanga atá ar siúl sa Ghaeltacht nó an …

An léiríonn figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don bhliain 2000/2001 gur imphléascadh teanga atá ar siúl sa Ghaeltacht nó an dtugann siad le fios go bhfuil deis tarrthála go fóill ann?

Ar an chéad amharc, is doiligh easaontú leis an mhéid a bhí le rá ag eagarthóir Foinse, Breandán Delap, agus é ag scríobh ar eagrán na seachtaine seo den pháipéar: "158 teaghlach. Sin a bhfuil idir muid agus díothú iomlán na Gaeilge mar theanga pobail i gceithre chontae a áirítear mar limistéir Ghaeltachta - an Mhí, Port Láirge, Corcaigh agus Maigh Eo.

"Cuirfidh torthaí Scéim Labhairt na Gaeilge ... alltacht ar éinne gur cás leo a bhfuil i ndán don Ghaeilge. Léiríonn na figiúirí fosta nach bhfuil an scéal sláintiúil sna trí mhórGhaeltacht ná baol air."

B'ábhar imní, a scríobh Delap, go raibh ceithre chontae faoi bhun "an leibhéil is lú le go bhféadfaí brath ar an teanga maireachtáil iontu".

READ MORE

Ní léitheoireacht shona í na torthaí. Faoin scéim, tugtar suim bheag airgid do dhaoine atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. As measc 3,353 teaghlach a chuir isteach ar an deontas as gach réigiún Gaeltachta, d'éirigh le 2,228 acu sin deontas iomlán a fháil. Fuair 839 deontas laghdaithe agus níor thuill 286 teaghlach eile an deontas.

Tá ábhar áirithe dóchais le fáil as na figiúirí sa mhéid is go léiríonn siad go bhfuil réigiún na Gaillimhe thar a bheith láidir agus go bhfuil splanc éigin go fóill i nDún na nGall.

Imphléascadh mar sin? An Ghaeltacht ar an dé deiridh? Nó an deis atá ann cuidiú a thabhairt don 286 teaghlach ar spéis leo páirt a ghlacadh sa scéim?

Ach an dtabharfar? Nach ndéanfadh siad difear an-mhór do chúrsaí teanga i gCiarraí, abair, ach cuidiú ar leith a dhíriú ar an 37 teaghlach nach bhfuair an deontas? Nach gcuirfeadh sé le meanma an phobail i bPort Láirge ach cuidiú a thabhairt do na trí theaghlach nach bhfuair an deontas nó leis na seacht gcinn i gCo na Mí?

Is eol dúinn uilig an dochar a dhéanann diúltú do chúrsaí teanga. Tharla, i gcás amháin mar shampla, gur diúltaíodh do theaghlach Gaeltachta sna laethanta ar Scéim na nDeich bPunt a bhí ann.

Aighneas áitiúil, ba chúis leis, dar leis an teaghlach. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí san fhear; bhí an teanga ar a toil ag bean an tí. Bhí Gaeilge ag na páistí. Ach siocair nach raibh siad mór leis an mhúinteoir scoile áitiúil, diúltaíodh an t-airgead dóibh, a chreid siad.

Chothaigh sé searbhas iontu. Stad siad ag úsáid na teanga leis na páistí. Cinneadh tubaisteach a bhí ann - go háirithe ó tharla iad ina gcónaí i gceantar lag Gaeltachta. Níl Gaeilge de chineál ar bith in úsáid acu féin, ag a bpáistí nó ag na garpháistí. Trí ghlúin imithe de bharr easaontais faoin scéim.

Cinnte, d'fhéadfá a rá go ndeachaigh siad thar fóir. Ach nach mór an t-ábhar aiféaltais é i gceantar beag tuaithe a leithéid de dhiúltú agus nach mór an trua nach raibh tacaíocht le fáil acu a thug le fios dóibh go raibh luach ag an scéim ar na páistí?

Agus tá go leor ceisteanna eile ar gá a chur faoi na torthaí. Cé a thiocfaidh i dtarrtháil ar na teaghlaigh ar diúltaíodh dóibh? Cén tacaíocht a chuirfear ar fáil dóibh le cuidiú leo leanstan ar aghaidh le húsáid na teanga?

An gcuirfear acmhainní breise oideachais ar fáil do na páistí? An dtabharfar aon sainoiliúint do na tuismitheoirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge?

Caithfidh an colúnaí seo a admháil gur beag seans go mbeadh a chlann féin i dteideal deontais in ainneoin go bhfuil Gaeilge ag an bheirt pháistí is sine. Ní hionann sin agus a rá nach gcuirfí fáilte roimh chuidiú de chineál ina dtógáil le Gaeilge.

Ó tharla muid bheith inár gcónaí i gceantar beag tuaithe atá gan acmhainní teanga, is beag cuidiú atá le fáil. Níl bunscoil Ghaeilge ann agus níl clubanna óige ann. Mar sin féin, tuigeann na páistí Gaeilge.

Déanaim amach go bhfaighidh muid cuidiú i gceann sé bliana, tráth a rachaidh an gasúr is sine chun na meánscoile - ach, ar ndóigh, an Ghaeilge bheith ina hábhar scoile aige.

Teaghlach de na teaghlaigh dhiúltaithe a bheadh ionainn faoin scéim. Ach leanann muid linn ag déanamh ár ndíchill.

IS léir go bhfuil fonn ar theaghlaigh eile a ndícheall a dhéanamh. Cinnte, bíonn daoine áirithe ciniciúil faoin scéim - breab chun Gaeilge a úsáid, mar dhea. Ach cad chuige nach gcuirfí airgead ar fáil? Cuirtear deontais ar fáil d'fheirmeoirí chun crainn a fhás. Nach tábhachtaí i bhfad cainteoir Gaeilge a fhás?

Ní bhaineann náire ar bith leis an teaghlach ar diúltaíodh deontas dóibh. Baineann an náire leis an ghluaiseacht, leis na heagrais, leis an phobal, leis an Rialtas nach dtagann i gcabhair orthu.

Agus má tá ábhar imní ann faoi chúrsaí Gaeltachta, tá ábhar amháin dóchais ann - tá a fhios againn cé atá ag iarraidh bheith páirteach i labhairt agus i gcothú na teanga.

Cuirtear cuidiú ar fáil dóibh.