'Imní' ar Ghael Linn faoi chúrsaí raidió RTÉ

IS “ÚDAR imní do Ghael Linn an soláthar a dhéanfar don Ghaeilge de thoradh roinnt athruithe atá le titim amach i réimse na meán…

IS “ÚDAR imní do Ghael Linn an soláthar a dhéanfar don Ghaeilge de thoradh roinnt athruithe atá le titim amach i réimse na meán craolta sa bhliain nua,” a dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais, Antoine Ó Coileáin, leis an cholún seo.

Rinne Gael Linn teagmháil le RTÉ faoi athruithe a bhí molta do sceideal Gaeilge Raidió 1. Dúirt Ó Coileáin gur dhearbhaigh RTÉ i litir chuige nach mbeadh siad ag táirgeadh clár Gaeilge feasta de bharr cúrsaí airgeadais ach go ndéanfadh siad athchraoladh ar rogha clár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Ó Coileáin go raibh “próifíl áirithe éisteora ag RTÉ Raidió 1 nár mhór freastal air. Dá bhrí sin, is cás linn go leanfadh RTÉ Raidió 1 de bheith ag freastal ar an bpobal is leithne, pobal a chuimsíonn go leor ar spéis leo an Ghaeilge ach nár ghá gur cainteoirí líofa Gaeilge iad. Molaimid, ar a laghad, in áit go mbeadh Raidió 1 i dtaobh leis an athchraoladh amháin, go mbeadh cláir faoi leith á gcoimisiúnú acu ó RnaG”.

Bhí “corr eile” sa scéal, a dúirt sé, anois ó bhí cearta craolta chluichí ceannais mionúr CLG ag TV3. Dúirt sé gur fháiltigh Gael Linn roimh ráiteas TV3 go raibh siad “ag machnamh ar an tráchtaireacht a bheith as Gaeilge, mar a bhíodh ag RTÉ go dtí seo”.

READ MORE

Mhol Gael Linn do TV3 cloí leis an tráchtaireacht Ghaeilge, á rá gur léiriú é ar “stádas na teanga náisiúnta í bheith le cloisteáil ar mhórócáid spóirt de chuid CLG”.

Ba chomhartha é ar thábhacht na ceiste seo ó thaobh na Gaeilge de, a dúirt sé, go raibh na cluichí ceannais mionúr ar na craoltaí Gaeilge is mó lucht féachana sa bhliain.

Dúirt sé gur léirigh an dá scéal “an phráinn” a bhain le foilsiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais le go mbeadh “comhthéacs náisiúnta ann do chuífhreastal na meán ó thaobh na Gaeilge de”.

D’eisigh RTÉ ráiteas leis an cholún seo inné, á rá: “RTÉ Radio 1 remains committed to its Irish-language listeners. 2011 will see absolutely no reduction in the hours of Irish-language radio programming on RTÉ Radio 1.

“The only change to the current set up will be that instead of sourcing Irish-language programmes from within RTÉ Radio 1, the Irish-language programming will instead be sourced from RTÉ Raidió na Gaeltachta. This has a two-fold benefit in that it will provide greater value for money for the public and it will raise further awareness of the high standard and variety of programmes on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“RTÉ Radio has a keen awareness of the needs of all of its listeners and as such, RTÉ Radio 1’s Irish language programmes will be specially selected to suit the needs of the Radio 1 listeners.”