Idir an Fado agus an cultúr Protastúnach

BEOCHEIST: IN ALT a scríobh sé sa nuachtán seo le déanaí, dúirt Alan Titley nach mbuaifeadh foireann na hÉireann Corn an Domhain…

BEOCHEIST:IN ALT a scríobh sé sa nuachtán seo le déanaí, dúirt Alan Titley nach mbuaifeadh foireann na hÉireann Corn an Domhain riamh agus ar "cultúr Protastúnach" bheith ag muintir na hÉireann cé gur Chaitlicigh a bhformhór. Ní raibh ansin ach barrúlacht ar ndóigh, ach nach raibh sí domhain!

Chuir sin ag smaoineamh mé ar mo shaol féin agus na cultúir a bhain leis ar feadh na mblianta. Chuaigh mé go Ceanada sna 1970í chun bheith ag staidéar. An rud ba thábhachtaí a tharla dom ansin, ní hé gur bhuail mé le lucht Mheiriceá Thuaidh, ach gur bhuail mé le lucht Mheiriceá Theas.

Bhí cuid mhaith díobh siúd ar deoraíocht ag an am de bharr threascairt Allende sa tSile agus de bharr an “chogaidh shalaigh” san Airgintín. Ach bhí Meicsicigh, Veiniséalaigh, Peiriúigh, agus Colómaigh ann freisin. Ghlac siad liom mar chara, agus ghlac mé páirt ina gcuid fiestas.

Bhí greann iontu, bhí ceol agus bhí fuinneamh iontu. Bhain siad an-taitneamh as an saol. Bhíodh siad ag canadh, ag rince, ag ithe agus ag ól, ag gáire (fiú agus an scéal go dona sa mbaile), agus bhíodh siad ag imirt peile.

READ MORE

Bhí sé ráite ag Allende nach gcuirfí an réabhlóid Sileach i gcrích ach con vino tinto y empanadas, agus chaith mé siar an fíon dearg agus an bia blasta sin acu agus mé ina gcomhluadar. Chan mé Ar an loing seo Phaidí Loingsigh agus d’aithris mé Tháinig long ó Valparaiso dóibh.

Thuig mé go raibh bá nó coibhneas faoi leith eadrainn. Agus is amhlaidh gur bhuail mé le hÉireannaigh eile sa chomhluadar aerach seo. Dúirt Rita, Airgintíneach de bhunadh Iodálach, liom tar éis na mblianta: “Is iomaí cara Laidineach atá agam anseo i gCeanada. Níor bhac mé leis na Ceanadaigh riamh le fírinne. Na cairde atá agam i measc lucht an Bhéarla, is Éireannaigh uile iad.”

Mhothaíos féin an deacracht chéanna agus mé ag plé le lucht Mheiriceá Thuaidh: ní rabhadar beo ná bríomhar. Ach nuair a chuaigh me i measc na Laidineach, bhraith mé go rabhas féin beo ar bhealach nua. Mhothaigh mé go rabhas im Éireannach, mé an-Éireannach ar fad, ach b’iad na Laidinigh a chuir an bheocht sin ionam. Ina measc siúd bhí mé ní b’Éireannaí ná mar a bhí mé in Éirinn riamh. Cad ba bhrí leis?

B’ábhar machnaimh dom é go ndeachaigh an diaspora Éireannach go dtí Meiriceá Thuaidh agus domhan an Bhéarla, ach, roimhe sin, go ndeachaigh na Géanna Fiáine ar deoraíocht go Deisceart na hEorpa, agus is ó Dheisceart na hEorpa a shíolraigh Meiriceá Laidineach. Tuigeadh dom go raibh an seanbhealach aimsithe agam i ndeireadh na dála.

Tá bá againne Éireannaigh le muintir Dheisceart na hEorpa. Táimid (in ainm a bheith) Caitliceach cosúil leo-san. Is pobal Atlantach sinn, ní pobal Meánmhuirí, is fíor, ach is pobal Atlantach na Portaingéiligh freisin, agus tá an Fado acu. Chuir mé aithne an stíl amhránaíochta sin dhá bhliain ó shin, agus fiú nach raibh Portaingéilis agam, thuig mé í. Bhí a fhios agam láithreach cén saghas mothúchán i bhí i gceist inti – an brón, an t-uaigneas, an gaol leis an mhuir.

Is pobal Deisceartach sinne Gaeil a chónaíonn i dTuaisceart na hEorpa. Ach tháinig na Sasanaigh chugainn agus bhí siadsan i réim ansin. Bhí siad Protastúnach, Tuaisceartach, stuama, saothrach, fuarchúiseach, piúratánach. Sin mar atá na huaisle! adúramar linn féin.

Ar fud shean-Impireacht na Breataine, agus impireachtaí eile, bhí na “dúchasaigh” ann ar dtús agus ansin tháinig na “coilínigh”. Uaireanta fuair na dúchasaigh a saoirse ar ais ar deireadh thiar agus bhí ar na coilínigh bailiú leo; uaireanta eile rinne na coilínigh léirscrios ar na dúchasaigh agus ní raibh ach coilínigh fágtha sa tír.

Ach in Éirinn tharla rud aisteach sa 19ú haois. Rinneadh coilínigh de na dúchasaigh féin. Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh. Bronnadh an Béarla agus cultúr Briotanach orthu. Ba choilínigh ina dtír féin iad as sin amach. Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cuid áirithe den dúchasach sa choilíneach go fóill. Dá bharr sin is daoine deighilte, scoilte iontu féin iad na hÉireannaigh.

Dúirt Faust: “Zwei Seelen wohnen, ach! in meiner Brust.” (“Maireann dhá anam, faraor! i mo chliabh.”) D’fhéadfadh sé bheith ag caint faoi na hÉireannaigh. Maireann an coilíneach agus an dúchasach araon ionainn, agus is amhlaidh nach mbíonn teacht maith le chéile acu siúd riamh.

Is dóigh liom go dtuigtear an méid sin uaireanta i measc lucht na Gaeilge. An dtuigeann lucht an Bhéarla é? Ní fheadar.