Iarrthóirí Gaeilge

TÁ CONRADH na Gaeilge ag moladh do vótóirí tosaíocht a thabhairt don teanga sna toghcháin áitiúla, mí an Mheithimh.

TÁ CONRADH na Gaeilge ag moladh do vótóirí tosaíocht a thabhairt don teanga sna toghcháin áitiúla, mí an Mheithimh.

Ba mhaith leo go gcuirfeadh vótóirí ceisteanna ar iarrthóirí faoi logainmneacha dúchais ar eastáit thithíochta, mar shampla.

Dúirt ardrúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go raibh coiste áitiúil logainm i nGaillimh agus ainm Gaeilge ar gach eastát nua sa chathair dá bharr sin: “Cuireann sé seo go mór le stádas agus le feiceálacht na Gaeilge sa phobal agus ní hamháin go mbíonn dea-thionchar aige sin ar dhearcadh daoine ar an teanga, ach bíonn nasc ag na logainmneacha nua leis an stair áitiúil agus le dúlra an cheantair.”