Iarratas Oireachtais

Is í an Mháirt spriocdháta d'iontrálacha do chlár comórtais ardáin Fhéile Shamhna d'Oireachtas na Gaeilge i mbliana

Is í an Mháirt spriocdháta d'iontrálacha do chlár comórtais ardáin Fhéile Shamhna d'Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Tá duaischiste €20,000 ar fáil.Molann riarthóirí an Oireachtais gur fearr dá seolfadh iomaitheoirí a n-iarratais go dtí oifig an Oireachtais i mBaile Átha Cliath chomh luath agus is féidir.

Dúirt Riarthóir na Féile, Máirín Nic Dhonnchadha: "Tá an méid sin fáis agus forbartha tar éis teacht ar líon na n-iomaitheoirí i ngach ceann de na comórtais ardáin seo nár mhiste go seolfadh iomaitheoirí a n-iarratais chugainn anseo in oifig an Oireachtais láithreach.

Sa tslí seo beimid ábalta ár gcuid socruithe a dhéanamh chun áiseanna cuí agus chun an deis is fearr a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ag gach iomaitheoir i ngach comórtas."

Eolas: 01-4753857 eolas@antoireachtas.ie