I mbun seanmor

Is casta an gaol idir colúnaí agus a léitheoirí. Is eol dó go bhfuil léitheoirí amuigh ansin

Is casta an gaol idir colúnaí agus a léitheoirí. Is eol dó go bhfuil léitheoirí amuigh ansin. Luann daoine ailt a scríobhann sé leis; faigheann sé teachtaireachtaí gutháin agus ríomhphoist.

Agus, ar ócáidí, faigheann sé Litir Chuig an Eagarthóir, an nóta sin ar gearán agus aisfhreagra poiblí é ar a bhfuil scríofa ag an Cholúnaí.

Cuireann iriseoirí fáilte roimh a leithéid. Aitheantas ar alt atá sa Litir Chuig an Eagarthóir.

Agus cuireann easpa litreacha éad agus imní áirithe ar an cholúnaí fosta. Bhí Alan Titley, scríbhneoir, i mbun an cholúin seo le linn an tsamhraidh. Scríobh sé dhá cholún agus fuair dhá litir mar fhreagra orthu. Bí ag caint ar aimsiú spriocanna.

READ MORE

Agus amharc go raibh an colún seo luaite i litir ar an nuachtán seo arú inné ag léitheoir. Ag scríobh faoi aighneas Ghaelscoil Dhún Bóinne a bhí sé agus rinne trácht do shliocht le Jacqueline Nic Fhearghusa, stiúrthóir Ghaelscoileanna, a foilsíodh ar an cholún seo faoin aighneas céanna. Chuir an litir ina leith go raibh sí "pontificating". (Ní raibh!)

An oiread sin dua a chaith an colúnaí seo leis an alt sin agus é ag cur léargais eile ar imeachtaí na scoile ar fáil. Ach is chuig Nic Fhearghusa curadhmhír na litreach. Ar son Chroim, a léitheoir dhíl, déan gearán leis an duine ceart. Is é ár gceart é.