Howzat! Cruicead agus saoirse na hEireann

"Amharc orthu. Na hamadáin.""Hm?""Amharc orthu, a dúirt mé. Na hamadáin.""Aidh. Is dócha é.""A leithéid de chluiche

"Amharc orthu. Na hamadáin.""Hm?""Amharc orthu, a dúirt mé. Na hamadáin.""Aidh. Is dócha é.""A leithéid de chluiche. Más cluiche é.""Aidh. Is dócha é.""Cruicéad."

"Aidh."

"Anseo i lár Bhaile Átha Cliath."

"Aidh. Cruicéad. Anseo i lár Bhaile Átha Cliath."

READ MORE

"Shílfeá nár bhris an chuid seo d'Éirinn an ceangal leis an Bhreatain riamh."

"Shílfeá."

"Iad ag imirt cruicéid mar a bheadh Sasanaigh iontu."

"Aidh."

"Ba cheart an t-iomlán léir acu a chur cúl le balla."

"Aidh."

"Tá mé á rá leat. Sin an bealach is fearr le fáil réidh díobh."

"Aidh."

"Diabhal Státairí. Lofa atá siad. Shílfeá go mbeadh náire orthu cruicéad a imirt."

"Aidh."

"Caithfidh muid iad a dhíchoimisiniú."

"Caithfidh."

"Sin an dóigh is fearr le fáil réidh de na piléir. An drong sin a dhíchoimisiniú, iadsan agus a gcruicéad."

"Tá an cruinniú ag a dó?"

"Tá. Sa halla mór."

"Do bharúil, an mbeidh mórán i láthair?"

"Seans mór. Tá iomrá ortsa."

Sheas Dónal: "Tá sé chomh againn imeacht."

"Aidh," a dúirt a chompánach, "rachaimis sula dtosaím a chaitheamh aníos."

Níor dhúirt Dónal tada. Ní thiocfadh leis. Bhí sé faoi dhraíocht ag radharc na n-imreoirí faoina n-éide gheal.

Rinne sé bomaite amháin eile moille. Dhírigh an babhlálaí i dtreo an gheaitín, chaith an liathróid bheag rua i dtreo an tslacaí. Luasc an liathróid san aer, rinne preab amháin, léim thar an bata adhmaid agus rinne teagmháil tholl le cos an tslacaí.

Luasc an babhlálaí ar a shála i dtreo an réiteora, shac a lámha in airde agus lig scairt a líon an faiche ar dhíograis a hachainí: "Howzat!" Scairt sé arís amhail is a bhí eagla air go gclisfeadh an réiteoir air; nach gcreidfeadh an réiteoir ionraiceas a impí: "Howzat!"

Rinne an réiteoir moill; d'amharc i dtreo an tslacaí; rinne an claonadh ba lú dá cheann dá dtiocfadh leis agus lúb méar i dtreo na spéire. Thiontaigh an slacaí ar a shála agus shiúil leis.

Rith na himreoirí eile i dtreo an bhabhlálaí agus gach aon scairt ollghairdis leo. Chruinnigh siad thart ar a chéile, a lámha in airde agus damhsa beag meidhreach ar siúl acu.

Chuir sé Cor Seisear Déag bheith á rince ar bhainis i gcuimhne do Dhónal.

"Piteoga," a dúirt a chompánach, "piteoga."